2.10 Tulacha Beigile

Tá fothrach Theampall Thulacha Beigile agus an reilig a bhaineann leis, ón mheánaois dhéanach, ina luí ar thulach bheag achar gairid ar an taobh ó dheas den Fhál Carrach. Is cosúil gur baineadh úsáid as an tulach seo le haghaidh searmanais insealbhaithe treibhe nó tionóil eile.

Tá iarsmaí séadchomharthaí ársa eile le fáil in aice láimhe lena n-áirítear reiligí, tobar beannaithe agus Tuama réamhstaire Chúirt na gCloch Corr. Dá réir sin, is cosúil go raibh an-bhaint ag an áit seo le deasghnátha chomh fada siar le c.3000RC.

Clúdaíonn paróiste Thulacha Beigile limistéar fairsing den choirnéal thiar thuaidh seo de Dhún na nGall. Ba ó naomh áitiúil – Beigil, Tulacha nó Beigil Thulacha - a thóg an ceantar a ainm agus tá baint ag an cheantar leis an naomh. Déantar féile an naoimh seo a cheiliúradh ar an 1 Samhain agus is féidir go dtéann an naomh agus an nós seo siar go dtí an creideamh págánach réamh-Chríostaí tráth ar ceiliúradh féile na Samhna ar an lá céanna.

Is féidir go dtugann an pearsa miotasach Lugh míniú eile dúinn ar bhunús Thulacha Beigile. Talgalug sa Laidin nó Tulach Logha sa Ghaeilge, a chiallaíonn ‘tulach nó áit tionóil Lugha’, a bhíodh ar an tulach seo.

Tugann bunadh na háite Beigbhile nó Beaglaoch ar an naomh agus maítear (go míchruinn is cosúil) go raibh sé gaolta le Colmcille. Luaitear Beaglaoch sa scéal faoin dóigh ar thit sé de chrann ar Cholmcille Oileán Thoraí a thabhairt chun creidimh ndiaidh dó comórtas caite bachaille a bhaint – ní dheachaigh bachall Bheaglaoich níos faide ná Tulacha Beigile agus sin an fáth ar thóg se teampall ar an suíomh seo.

I scéal eile a bailíodh sa cheantar tugtar míniú ar an chúis ar tógadh an teampall anseo:-

Bhí Beaglaoch ar a bhealach trí Mhám na Mucaise, agus é ag dul i mbéal a chinn ‘gan aon ceann scríbe aige’ ... ach gur tuigeadh dó go raibh Dia ag iarraidh air leanúint leis.’ Ní raibh de mhaoin an tsaoil aige ach asal ar tháinig sé air agus é caillte agus ar seachrán. Bhí an t-asal ‘agus a chomhairle féin aige’. Le nóin bheag agus deireadh an lae, shuigh an naomh síos lena a scíth a ligean gur lig a cheann leis an asal san fhéar úr. Agus é ina shuí ansin, nocht ‘mar a bheadh fís’ don naomh gur tuigeadh dó go raibh a cheann scríbe bainte amach aige.

An áit a socródh an t-asal é féin síos don oíche b’ ansin a thógfaí an teampall nua. Dá bhrí sin, chuaigh an naomh a chuardach an asail. Ba ghairid gur tháinig sé air gur shocraigh sé féin síos don oíche ar thulach fhéarmhar – áit, mar a tharla sé, a mbíodh págánaigh na háite ag gabháil do chleachtais phágánta a bhain le ceiliúradh agus comóradh a ndéithe. Ghlac Beaglaoch (Naomh Beaglaoch) seilbh ar an áit. Bheannaigh sé í in ainm an Tiarna. Dhíbir sé na págánaigh phiseogacha. Agus sin an dóigh ar threoraigh Dia Beaglaoch chuig an tulach.

(sliocht as: Tulach Beaglaoich inné agus inniu. Glór na nGael, An Fál Carrach, agus Cumann Staire is Seanchais Chloich Cheann Fhaola)

 

Le Dul Ann

Ón Ráith gabh siar chuig an Fhál Carrach. I lár an bhaile, gabh ar dheis i dtreo Leitir Ceanainn ar an R256. Ar imeall an bhaile mhóir, glac gabhal ar dheis. An áit a gcuarann an bóthar ar dheis feicfidh tú cuaille eolais le haghaidh Thulacha Beigile ar chlé. Páirceáil ar an bhóithrín agus siúil suas chuig an reilig.


 
   
  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.1 An Chros Tau

    Agus tú ag dul ar Oileán Thoraí is í an chéad láthair a chasfar ort ná Cros Tau. Agus í suite go hard ar phlionta, is siombail í an chros chloiche T-chruthach ar oidhreacht Chríostaí an oileáin.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.2 An tSeanreilig

    Creidtear go bhfuil an reilig ar láthair an Teampaill Bhuí – an príomhtheampall a bhí ag mainistir Cholmcille i dThoraigh.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.3 An Cloigtheach

    Is é an Cloigtheach an t-aon chloigtheach atá fós ann i nDún na nGall. Ainneoin go bhfuil sé 13 mhéadar ar airde nach mór tá sé ar cheann de na struchtúir is lú dá chineál in Éirinn.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.4 Ulaí Eoin Baiste

    Tá an altóir seo, atá tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste, díreach in aice leis an Chloigtheach. Tá roinnt cloch anseo – lena n-áirítear dabhach cloiche, clocha agus leaca maisithe, bró agus iarsmaí bun croise.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.5 Ulaí Bhríde

    Tá altóir chloiche Bhríde suite idir tithe na n-oileánach. Ar bharr na haltóra tá trí bhró (a úsáidtear le coirce a mheilt) agus dhá leac eibhir.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.6 Mórsheisear

    Is iad seo na haon iarsmaí teampaill atá le fáil ar Oileán Thoraí. Ciallaíon ‘Mórsheisear’ ‘sé mór’ agus is seanfhocal Gaeilge é ar an uimhir seacht.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.7 Cloch an Chú

    De réir an tseanchais áitiúil, nuair a leag Colm Cille cos ar Oileán Thoraí den chéad uair, bhí an rí áitiúil, Oilill, roimhe gur dhiúltaigh cead dó teacht i dtír.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.8 Cnoc na Naomh

    De réir an tseanchais áitiúil, sheas Colm Cille ar an chnoc seo – Cnoc na Naomh – lena chomrádaithe Naomh Fionán, Naom Dubhthach agus Naomh Beaglaoch.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.9 Teampall Ráithe

    Seasann an chros ard iontach 5½ mhéadar ar airde seo i bhfothrach Theampall Ráithe. Thángthas uirthi sa reilig taobh amuigh den teampall agus í briste. Rinneadh í a atógáil agus cuireadh taobh istigh den teampall í lena cosaint.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.10 Tulacha Beigile

    Tá fothrach Theampall Thulacha Beigile agus an reilig a bhaineann leis, ón mheánaois dhéanach, ina luí ar thulach bheag achar gairid ar an taobh ó dheas den Fhál Carrach.