2.9 Eaglais Ráithe

Seasann an chros ard iontach seo 5½ mhéadar ar airde seo i bhfothrach Eaglais Ráithe. Thángthas uirthi sa reilig taobh amuigh den eaglais agus í briste. Rinneadh í a atógáil agus cuireadh isteach san eaglais í lena cosaint. Toisc nach bhfuil aon mhaisiúchán ar an chros ní féidir dáta a lua léi ach tá sí an-chosúil ina himlíne le Cros Naomh Eoin ar Oileán Í ón 8ú haois dhéanach. B’as an chuid seo de Thír Chonaill roinnt ab de chuid Oileán Í sa 7ú haois.

Rinneadh Eaglais Ráithe a atógáil nó a athchóiriú am éigin i ndiaidh 1622 agus tá leaca uaighe sa reilig ón18ú haois.

Ray cross © Alan Sproull

Tá scéal sa bhéaloideas áitiúil a mhíníonn an dóigh ar tharla an chros seo a bheith ag Ráith:

Gearradh an chloch do chros Ráithe as an Mhucais – sliabh maol atá le feiceáil go soiléir ina stua os cionn na tíre ar chúl Ráithe. Bhí Colmcille i ndiaidh dul anonn ón mhórthír go hOileán Thoraí lena bheirt chomrádaithe – Naomh Fionán agus Naomh Beaglaoch. Ar theacht i dtír ar an oileán dóibh, tuigeadh do Cholmcille gur fhág sé a leabhar urnaí ar an mhórthír. D’fhiafraigh sé dá chomrádaithe an rachadh duine acu ar ais leis an leabhar urnaí a fháil. An té a rachadh ar ais is amhlaidh a gheobhadh sé a rogha mian. Naomh Fionán a d’fhill ar an mhórthír agus cad é a bhí roimhe ach iolar agus é ag tabhairt dídine ón fhearthainn don leabhar faoina sciathán. Thug Fionán an leabhar urnaí ar ais go Toraigh gur iarr Cros Ráithe mar chúiteamh. Deirtear nach mó ná sásta a bhí Colmcille. Ach rinne beart de réir a bhriathair gur ghéill a mhian d’Fhionán

 

Le Dul Ann

Ó Mhachaire Rabhartaigh glac an N56 ar ais chuig an Fhál Carrach. Gabh tríd an bhaile mhór agus lean ort ar feadh thart ar leathmhíle. I ndiaidh duit dul anonn Droichead Ráithe glac an chéad chasadh ar chlé. Tá an teampall ag ceann an bhóthair.


 
   
  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.1 An Chros Tau

    Agus tú ag dul ar Oileán Thoraí is í an chéad láthair a chasfar ort ná Cros Tau. Agus í suite go hard ar phlionta, is siombail í an chros chloiche T-chruthach ar oidhreacht Chríostaí an oileáin.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.2 An tSeanreilig

    Creidtear go bhfuil an reilig ar láthair an Teampaill Bhuí – an príomhtheampall a bhí ag mainistir Cholmcille i dThoraigh.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.3 An Cloigtheach

    Is é an Cloigtheach an t-aon chloigtheach atá fós ann i nDún na nGall. Ainneoin go bhfuil sé 13 mhéadar ar airde nach mór tá sé ar cheann de na struchtúir is lú dá chineál in Éirinn.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.4 Ulaí Eoin Baiste

    Tá an altóir seo, atá tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste, díreach in aice leis an Chloigtheach. Tá roinnt cloch anseo – lena n-áirítear dabhach cloiche, clocha agus leaca maisithe, bró agus iarsmaí bun croise.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.5 Ulaí Bhríde

    Tá altóir chloiche Bhríde suite idir tithe na n-oileánach. Ar bharr na haltóra tá trí bhró (a úsáidtear le coirce a mheilt) agus dhá leac eibhir.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.6 Mórsheisear

    Is iad seo na haon iarsmaí teampaill atá le fáil ar Oileán Thoraí. Ciallaíon ‘Mórsheisear’ ‘sé mór’ agus is seanfhocal Gaeilge é ar an uimhir seacht.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.7 Cloch an Chú

    De réir an tseanchais áitiúil, nuair a leag Colm Cille cos ar Oileán Thoraí den chéad uair, bhí an rí áitiúil, Oilill, roimhe gur dhiúltaigh cead dó teacht i dtír.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.8 Cnoc na Naomh

    De réir an tseanchais áitiúil, sheas Colm Cille ar an chnoc seo – Cnoc na Naomh – lena chomrádaithe Naomh Fionán, Naom Dubhthach agus Naomh Beaglaoch.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.9 Teampall Ráithe

    Seasann an chros ard iontach 5½ mhéadar ar airde seo i bhfothrach Theampall Ráithe. Thángthas uirthi sa reilig taobh amuigh den teampall agus í briste. Rinneadh í a atógáil agus cuireadh taobh istigh den teampall í lena cosaint.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.10 Tulacha Beigile

    Tá fothrach Theampall Thulacha Beigile agus an reilig a bhaineann leis, ón mheánaois dhéanach, ina luí ar thulach bheag achar gairid ar an taobh ó dheas den Fhál Carrach.