2.7 Cloch an Chú

De réir an tseanchais áitiúil, nuair a leag Colmcille cos ar Oileán Thoraí den chéad uair, bhí rí an oileáin, Oilill, roimhe gur dhiúltaigh cead dó teacht i dtír. D’fhiafraigh Colmcille an mbeadh cead aige píosa talún ar mhéid a fhallainge a fháil le mainistir a thógáil air. Thoiligh Oilill ach nuair a leag Colmcille a fhallaing amach ar an talamh leath sí go míorúilteach ar fud an oileáin ar fad.

Bhí oiread feirge ar an rí gur dhreasaigh sé a chú nimhe le hionsaí a dhéanamh ar Cholmcille. Ghearr Colmcille fíor na croise, rud a thug ar an chú léim isteach san fharraige le héalú. Agus é ag léim chun a bháis, d’fhág an cú lorg a chrúb ar charraig agus scoilt sé carraig eile lena eireaball.

The Rock of the Hound, Tory Island. © Alan Sproull
 

Le Dul Ann

Má théann tú ar ais i dtreo na Croise Tau, tá Cloch an Chú ar an taobh thoir den ché agus den trá. B’fhéidir go mbeadh ort fiafraí d’oileánach cá háit go díreach a bhfuil sí. Is minic a bhíonn ealaíontóirí áitiúla Antain Ó Míanáin agus Patsy Dan Mac Ruaidhrí, Rí Thoraí, ar fáil le cuairteoirí a thabhairt ar thuras treoraithe ar an oileán.


 
   
  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.1 An Chros Tau

    Agus tú ag dul ar Oileán Thoraí is í an chéad láthair a chasfar ort ná Cros Tau. Agus í suite go hard ar phlionta, is siombail í an chros chloiche T-chruthach ar oidhreacht Chríostaí an oileáin.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.2 An tSeanreilig

    Creidtear go bhfuil an reilig ar láthair an Teampaill Bhuí – an príomhtheampall a bhí ag mainistir Cholmcille i dThoraigh.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.3 An Cloigtheach

    Is é an Cloigtheach an t-aon chloigtheach atá fós ann i nDún na nGall. Ainneoin go bhfuil sé 13 mhéadar ar airde nach mór tá sé ar cheann de na struchtúir is lú dá chineál in Éirinn.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.4 Ulaí Eoin Baiste

    Tá an altóir seo, atá tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste, díreach in aice leis an Chloigtheach. Tá roinnt cloch anseo – lena n-áirítear dabhach cloiche, clocha agus leaca maisithe, bró agus iarsmaí bun croise.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.5 Ulaí Bhríde

    Tá altóir chloiche Bhríde suite idir tithe na n-oileánach. Ar bharr na haltóra tá trí bhró (a úsáidtear le coirce a mheilt) agus dhá leac eibhir.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.6 Mórsheisear

    Is iad seo na haon iarsmaí teampaill atá le fáil ar Oileán Thoraí. Ciallaíon ‘Mórsheisear’ ‘sé mór’ agus is seanfhocal Gaeilge é ar an uimhir seacht.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.7 Cloch an Chú

    De réir an tseanchais áitiúil, nuair a leag Colm Cille cos ar Oileán Thoraí den chéad uair, bhí an rí áitiúil, Oilill, roimhe gur dhiúltaigh cead dó teacht i dtír.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.8 Cnoc na Naomh

    De réir an tseanchais áitiúil, sheas Colm Cille ar an chnoc seo – Cnoc na Naomh – lena chomrádaithe Naomh Fionán, Naom Dubhthach agus Naomh Beaglaoch.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.9 Teampall Ráithe

    Seasann an chros ard iontach 5½ mhéadar ar airde seo i bhfothrach Theampall Ráithe. Thángthas uirthi sa reilig taobh amuigh den teampall agus í briste. Rinneadh í a atógáil agus cuireadh taobh istigh den teampall í lena cosaint.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.10 Tulacha Beigile

    Tá fothrach Theampall Thulacha Beigile agus an reilig a bhaineann leis, ón mheánaois dhéanach, ina luí ar thulach bheag achar gairid ar an taobh ó dheas den Fhál Carrach.