2.4 Ulaí Eoin Baiste

Tá an altóir seo, atá tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste, díreach in aice leis an Chloigtheach. Tá roinnt cloch anseo – ina measc dabhach cloiche, clocha agus leaca maisithe, bró agus iarsmaí bun croise. Deirtear gur úsáideadh na clocha tolla le huisce coisricthe a choinneáil. D’fhéadfaí gur bailíodh na píosaí aonair in áiteanna éagsúla ar an oileán agus gur tugadh le chéile anseo iad san am atá caite.

Rinneadh an altóir a atógáil sa 20ú haois agus gach seans gur bogadh í beagáinín óna láthair bhunaidh.

 
 
   
  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.1 An Chros Tau

    Agus tú ag dul ar Oileán Thoraí is í an chéad láthair a chasfar ort ná Cros Tau. Agus í suite go hard ar phlionta, is siombail í an chros chloiche T-chruthach ar oidhreacht Chríostaí an oileáin.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.2 An tSeanreilig

    Creidtear go bhfuil an reilig ar láthair an Teampaill Bhuí – an príomhtheampall a bhí ag mainistir Cholmcille i dThoraigh.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.3 An Cloigtheach

    Is é an Cloigtheach an t-aon chloigtheach atá fós ann i nDún na nGall. Ainneoin go bhfuil sé 13 mhéadar ar airde nach mór tá sé ar cheann de na struchtúir is lú dá chineál in Éirinn.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.4 Ulaí Eoin Baiste

    Tá an altóir seo, atá tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste, díreach in aice leis an Chloigtheach. Tá roinnt cloch anseo – lena n-áirítear dabhach cloiche, clocha agus leaca maisithe, bró agus iarsmaí bun croise.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.5 Ulaí Bhríde

    Tá altóir chloiche Bhríde suite idir tithe na n-oileánach. Ar bharr na haltóra tá trí bhró (a úsáidtear le coirce a mheilt) agus dhá leac eibhir.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.6 Mórsheisear

    Is iad seo na haon iarsmaí teampaill atá le fáil ar Oileán Thoraí. Ciallaíon ‘Mórsheisear’ ‘sé mór’ agus is seanfhocal Gaeilge é ar an uimhir seacht.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.7 Cloch an Chú

    De réir an tseanchais áitiúil, nuair a leag Colm Cille cos ar Oileán Thoraí den chéad uair, bhí an rí áitiúil, Oilill, roimhe gur dhiúltaigh cead dó teacht i dtír.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.8 Cnoc na Naomh

    De réir an tseanchais áitiúil, sheas Colm Cille ar an chnoc seo – Cnoc na Naomh – lena chomrádaithe Naomh Fionán, Naom Dubhthach agus Naomh Beaglaoch.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.9 Teampall Ráithe

    Seasann an chros ard iontach 5½ mhéadar ar airde seo i bhfothrach Theampall Ráithe. Thángthas uirthi sa reilig taobh amuigh den teampall agus í briste. Rinneadh í a atógáil agus cuireadh taobh istigh den teampall í lena cosaint.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    2.10 Tulacha Beigile

    Tá fothrach Theampall Thulacha Beigile agus an reilig a bhaineann leis, ón mheánaois dhéanach, ina luí ar thulach bheag achar gairid ar an taobh ó dheas den Fhál Carrach.