Oileán Thoraí
Tabhair d’aghaidh ar iarthuaisceart Dhún na nGall go bhfoghlaimeoidh tú faoi Oileán Thoraí agus faoi na naisc thraidisiúnta aige le Colmcille.
Agus é suite naoi míle i bhfarraige, tá Oileán Thoraí ar an oileán is iargúlta in Éirinn a bhfuil cónaí air. Níl sé ach 2½ mhíle ar fhad agus ¾ míle ar leithead, le breis bheag agus 200 duine ina gcónaí air.
Tá daoine ina gcónaí ar an oileán le fada agus tá rianta seandálaíochta ann siar go dtí an Iarannaois. Tá iarsmaí Críostaí ann chomh maith ón luath-mheánaois. Is iomaí scéal atá le hinsint faoin bhaint a bhí ag Colmcille le Toraigh.
Ba ar Thoraigh de réir an tseanchas a chónaigh Balor na mBéimeann – rí na leathshúile. Bhí oiread oilc sa tsúil sin gurbh éigean í a choinneáil clúdaithe. De réir na tairngreachta, ba é a gharmhac a mharódh é. Dá bhrí sin, chuir sé a haon iníon amháin Eithne faoi ghlas i dtúr cloiche – an Tor Mór. Ach, ina ainneoin sin rugadh mac d’Eithne – Lugh – a chomhlíon an tairngreacht nuair a mharaigh sé a sheanathair. Dearctar ar Lugh mar shiombail ar an mhaitheas agus ar an solas toisc gur throid sé in aghaidh Bhalor an oilc. Ina lán áiteanna san Eoraip ina raibh Ceiltigh bhí iomrá ar Lugh mar dhia cumhachtach. Is cosúil gur aistríodh cuid de na tréithe a bhí ag Lugh chuig carachtar Cholmcille i ré na Críostaíochta.
Le Dul Ann
Tá seirbhís farantóireachta Thoraí ann ó ché Mhachaire Rabhartaigh. Athraíonn an clár ama de réir na séasúr agus cuirtear an tseirbhís ar ceal in amanna ar gearrfhógra mar gheall ar an aimsir. Dá bhrí sin, is fearr seiceáil roimh dhul ann.
Tabhair faoi deara, gur seirbhís farantóireachta le haghaidh páisinéirí amháin atá ann.
Ó Leitir Ceanainn, glac an N56 go Dún Fionnachaidh. Leantar ort tríd an Fhál Carrach agus Gort an Choirce. I ndiaidh Ghort an Choirce lean bóthar an chósta (an R257) go Machaire Rabhartaigh. Tá carrchlós ag an ché.
Ó Ghaoth Dobhair, glac an R258 chuig an chósta ag an Bhun Bheag, cas ar dheis ar an R257 agus lean an bóthar go Machaire Rabhartaigh.
