8.2 Hilton of Cadboll

Tá mórán gallán in Tarbat Ness a thugann léargas ar scil ealaíonta agus ar chreideamh Críostaí an phobail Chruithnigh a shnoigh iad. Is féidir gur mharcáil na galláin teorainn na dtailte a bhí faoi smacht ag an mhainistir in Portmahomack.

Cadboll full stone © Lucy Harland

Is macasamhail an leac chroise ag Hilton of Cadboll den chloch bhunaidh a sheas anseo. Snoíodh é in 2000. Is cóip den chloch bhunaidh atá anois i Músaem Alban í droim na cloiche a bhfuil a haghaidh le tír mór. Ach, scriosadh aghaidh na cloiche atá le farraige sa 17ú haois. Dá bhrí sin tá an mhacasamhail bunaithe ar dhearthaí Cruithneacha. Thángthas in athair ar chuid íochtarach an ghalláin in 2001 agus anois tá sí ar caomhnú sa Halla Cuimhneacháin Imeallbhoird in Ballintore atá in aice láimhe.

Tá trí ghallán ar chósta thoir Tarbat Ness – anseo ag Hilton of Cadboll, sa sráidbhaile tadhlach ar a dtugtar Shandwick agus níos faide ó dheas ag Nigg.

An t-ealaíontóir Barry Grove a chruthaigh dearadh don taobh seo den chloch bunaithe ar an iarsma marthanach agus ar ghnáthdhearthaí agus ar ghnáthshiombailí Cruithneacha.

Sheas an chloch bhunaidh taobh amuigh de Shéipéal Naomh Muire lá den tsaol, achar gairid ón fharraige. Níl le feiceáil den séipéal anois ach dumhaí féaracha. Briseadh an gallán roinnt uaireanta. In 1676 scriosadh an chuid uachtarach den tosach gur baineadh úsáid as mar leac uaighe. In áit na saothar snoíodóireachta cuireadh inscríbhinn i gcuimhne ar Alexander Duff agus a thriúr ban céile.

Cadboll stone © Lucy Harland

Ar phainéal láir an ghalláin tá radharc seilge. Tá bean a bhfuil bróiste ornáideach uirthi ar muin capaill. Tá sí á comóradh ag beirt mharcach eile agus ag beirt ar cois agus trumpa á sheinm acu. Tá trí chú taobh leo agus gach abhóg acu.

hunting scene © Lucy Harland

Ar clé ón bhean tá siombail chíora agus scátháin ann. Tá gnáthshiombailí Cruithneacha eile le feiceáil lastuas - corrán agus v-slat, agus ag an bharr, diosca dúbáilte agus z-slat.

Cailleadh cuid íochtarach ghallán Hilton of Cadboll agus níor thángthas uirthi arís go dtí 2001. Ainneoin go raibh sí faoin talamh chomh fada sin, níor caitheadh ná níor síonchaitheadh sonraí na snoíodóireachta ar an ghallán.

Tá an bonn anois sa Halla Cuimhneacháin Imeallboird áitiúil. Seiceáil an suíomh gréasáin le haghaidh uaireanta oscailte.

 

Le Dul Ann

Tá Hilton of Cadboll 6 mhíle an taobh ó dheas ó Portmahomack. Leantar an B9165 go dtí go bhfeicfidh tú cuaille eolais ar thaobh na láimhe clé le haghaidh Bhaile a’ Chnuic. Glactar an bóthar seo chuig an sráidbhaile. Achar gairid i ndiaidh Óstán Glenmorangie tá limistéar páirceála ar thaobh na láimhe clé. Tá an chros suite faoi achar siúil gairid thíos faoi bhun leibhéal an bhóthair.


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.1 Lárionad Fionnachtana Tarbat Portmahomack

    Idir 1994 agus 2007, rinne seandálaithe an ceantar a thochailt timpeall theampall Naomh Colmáin ag Port MoChalmaig ag Rubha an Tairbeirt. Tháinig siad ar lonnaíocht mhanachúil fhairsing ón 6ú haois dhéanach.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.2 Hilton of Cadboll

    Tá mórán gallán in Tarbat Ness a thugann léargas ar scil ealaíonta agus ar chreideamh Críostaí an phobail Chruithnigh a shnoigh iad. Is féidir gur mharcáil na galláin teorainn na dtailte a bhí faoi smacht ag an mhainistir in Portmahomack.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.3 Shandwick

    Tá an leac chroise ag Shandwick clúdaithe le siombailí Críostaí. Is léiriú é ar Chríostaíocht na gCruithneach seachas leac a nascann dearthaí pagánacha agus reiligiúnacha.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.4 Gallán Nigg

    Tá Gallán Nigg ar cheann de na galláin shnoite Chruithneacha is fearr dá bhfuil ann. Rinneadh é a shnoí thart ar 800IC – nó níos luaithe, b’fhéidir – agus tá se clúdaithe le siombailí Críostaí.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.5 Creag Phádraig

    Is cnoc faoi choillte í Creag Phádraig ar imeall Inbhear Nis. Leantar an cosán suas an cnoc go bhfeicfidh tú iarsmaí, más fíor, dhún Brude Rí.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.6 Naisc le Clocha Cruithneacha Eile Suíomhanna ó Thuaidh d'Inbhear Nis

    Fiosraítear stair na gCruithneach feadh an chósta thoir ó Inbhear Nis ó thuaidh.