8.1 Ionad an Tairbeirt, Port MoChalmaig

Idir 1994 agus 2007, rinne seandálaithe an ceantar a thochailt timpeall theampall Naomh Colmáin ag Portmahomack ag barr Tarbat Ness. Tháinig siad ar lonnaíocht mhanachúil fhairsing a dhátaíonn siar go dtí an 6ú haois dhéanach.

I Lárionad Fionnachtana Tarbat insítear scéal na lonnaíochta Críostaí seo agus faoin dóigh ar tháinig seandálaithe uirthi in athuair.

Tarbat Discovery Centre © Lucy Harland

Ar bhunaigh Colmcille mainistir anseo? Nó an amhlaidh a dhátaíonn sí ó thréimhse sular tháinig sé go hOileán Í? Más amhlaidh, ba Chríostaithe cheana iad an mhuintir Chruithneach a bhí ina gcónaí ann. Rud amháin cinnte faoi ná gur mainistir ar mhéid agus ar scála suntasach a bhí ann – ar a dtugtar ‘Oileán Í an oirthir’ uaireanta.

Rinne Colmcille teagmháil leis na Cruithnigh agus é ar a bhealach tríd an Ghleann Mhór agus suas imeall Inbhear Nis an lae inniu. Déanann a bheathaisnéisí Adhamhnán cur síos ar an turas agus ar na cruinnithe seo. Mar gheall ar an mhainistir ag Port MoChalmaig ghlacfaí leis gur cheantar Críostaí cheana é an ceantar seo ach insíonn Adhamhnán roinnt scéalta faoin dóigh ar thug Colmcille an pobal Cruithneach chun creidimh.

Ar feadh na gcéadta bliain is beag eolas stairiúil a bhí ann faoi na Cruithnigh. Ba Cheiltigh iad – a labhair teanga a bhí thar a bheith cosúil leis an tsean-Bhreatnais – a chónaigh i dTuaisceart na Breataine ón 3ú haois go dtí an 9ú haois ach is beag iarmsaí a fuarthas orthu. A bhuí leis an tochailt ag an mhainistir tháinig eolas nua suntasach chun solais i dtaca lena gcultúr. Ar na taifid is suntasaí i dtaca le sibhialtacht na gCruithneach tá na clocha snoite a fuathas ar Rubha an Tairbeirt agus gar dó.

Bhí gach a raibh de dhíth ar na manaigh ag Port MoChalmaig le bheith beo agus le bheith ag obair – bhí talamh feirmeoirachta acu, muileann, ceardlanna le hábhar gloine naofa agus obair mhiotalóireachta a dhéanamh, agus teampall. Bhí thart ar 150 duine ina gcónaí agus ag obair anseo.

Ag croí na mainistreach bhí ceardlann le veilleam a thairgeadh – an dromchla scríbhneoireachta a d’úsáid manaigh dá lámhscríbhinní dathmhaisithe.

Déantar veilleam as craiceann ainmhithe. Sna tochailtí ag Port MoChalmaig fuarthas frámaí leis an veilleam a shíneadh agus é ag triomú, agus tinteáin mar ar dódh sliogáin, cnámha agus feamainn agus a ndearnadh tuaslagáin díobh leis an veilleam a dhéanamh mín.

Agus ó tharla go ndearna na manaigh a gcuid veilleam féin, is dóiche ná a athrach gur thairg siad leabhair soiscéil ardmhaisithe dá gcuid féin chomh maith cosúil le Leabhar Ceanannais.

Maíonn Martin Carver, seandálaí, gur úsáideadh na ceithre leac chroise a fuarthas anseo le himill na talún a bhí faoi smacht ag an mhainistir ag Portmahomack a mharcáil.

‘Ealaíontóirí den chéad scoth a bhí iontu. Bhí siad in ann mac tíre, bradán, iolar a tharraingt ar phíosa cloiche le líne shingil agus líníocht nádúraíoch álainn a thairgeadh. Níl a shárú seo le fáil idir Portmhomack agus an Róimh. Ní raibh na hAngla-Shacsanaigh féin ionchurtha leis na Cruithnigh i dtaca le snoíodóireacht chloch de. Bhí orainn fanacht go dtí i ndiaidh na hAthbheochana sula raibh daoine in ann carachtar ainmhithe a chur in iúl chomh héifeachtach céanna.’’

Tháinig deireadh leis an lonnaíocht mhanachúil timpeall 820AD tráth a rinneadh ionsaí uirthi de réir cosúlachta. Is é is dóiche gurb iad na Lochlannaigh a rinne é.

Tháinig seandálaithe ar adhmad dóite a dhátaíonn ón am seo. Tháinig siad ar leaca croise briste chomh maith a scriosadh, is cosúil, ag an am céanna.

 

Le Dul Ann

Ó Inbhear Nis tug d’aghaidh ó thuaidh ar an A9 i dtreo Alness. Gabh thart le Alness agus an tiontú go Kilmuir. Ag timpeallán Nigg, glac tiontú ar chlé, agus tú go fóill ar an A9. Glac an chéad tiontú eile chuig an B9165 agus lean ort ar an bhóthar seo go Portmahomack. Agus tú ag teacht isteach sa sráidbhaile, tá an Lárionad Fionnachtana sa seanteampall ar thaobh na láimhe deise.

Tá an Lárionad Fionnachtana oscailte ó Aibreán go Deireadh Fómhair 7 lá na seachtaine. Seiceáil an suíomh gréasain le haghaidh dátaí agus amanna.


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.1 Lárionad Fionnachtana Tarbat Portmahomack

    Idir 1994 agus 2007, rinne seandálaithe an ceantar a thochailt timpeall theampall Naomh Colmáin ag Port MoChalmaig ag Rubha an Tairbeirt. Tháinig siad ar lonnaíocht mhanachúil fhairsing ón 6ú haois dhéanach.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.2 Hilton of Cadboll

    Tá mórán gallán in Tarbat Ness a thugann léargas ar scil ealaíonta agus ar chreideamh Críostaí an phobail Chruithnigh a shnoigh iad. Is féidir gur mharcáil na galláin teorainn na dtailte a bhí faoi smacht ag an mhainistir in Portmahomack.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.3 Shandwick

    Tá an leac chroise ag Shandwick clúdaithe le siombailí Críostaí. Is léiriú é ar Chríostaíocht na gCruithneach seachas leac a nascann dearthaí pagánacha agus reiligiúnacha.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.4 Gallán Nigg

    Tá Gallán Nigg ar cheann de na galláin shnoite Chruithneacha is fearr dá bhfuil ann. Rinneadh é a shnoí thart ar 800IC – nó níos luaithe, b’fhéidir – agus tá se clúdaithe le siombailí Críostaí.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.5 Creag Phádraig

    Is cnoc faoi choillte í Creag Phádraig ar imeall Inbhear Nis. Leantar an cosán suas an cnoc go bhfeicfidh tú iarsmaí, más fíor, dhún Brude Rí.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.6 Naisc le Clocha Cruithneacha Eile Suíomhanna ó Thuaidh d'Inbhear Nis

    Fiosraítear stair na gCruithneach feadh an chósta thoir ó Inbhear Nis ó thuaidh.