Rubha an Tairbeirt

Tá Rubha an Tairbeirt faoi achar maith ar shiúl ón mhainistir a bhunaigh Colmcille ar Oileán Í amach ó chósta thiar na hAlban.

Ach, thug Colmcille cuairt ar an cheantar sa bhliain 565 – dhá bhliain i ndiaidh dó teacht go hAlbain – le caidreamh polaitiúil níos daingne a bhunú leis na Cruithnigh a bhí i gceannas ag an am agus le gealltanas a mhealladh uathu go mbeadh cosaint ar fáil dá chuid manach agus iad ag taisteal. Deirtear gur thug sé cuairt ar an Rí Bruide, agus gur féidir gur tharla seo ag an dún Cré-umhaoiseach ag Creag Phádraig atá suite ar imeall Inbhear Nis an lae inniu.

Tabhair cuairt ar leithinis álainn Rubha an Tairbeirt go bhfeicfidh tú ealaín agus creideamh Críostaí na gCruithneach a bhí beo le linn aimsir Cholmcille agus a dtugtar ‘Oileán Í an Oirthir’ ar an mhainistir acu ag Port MoChalmaig.

Colmcille agus na Cruithnigh

Luann Adhamhnán, beathaisnéisí Cholmcille, gur tháinig Colmcille chun na háite seo ar cuairt chuig an Rí Brude, ceannaire na gCruithneach. Ina leabhar luann sé roinnt teagmhálacha idir Colmcille agus Cruithnigh an cheantair. Maítear gur Colmcille a thiontaigh na Cruithnigh seo chun na Críostaíochta. Ach, tá gach seans ann go raibh cuid de na Cruithnigh ina gCríostaithe sular tháinig Colmcille ar an láthair.

Ní mar gheall ar a chreideamh amháin a bhí clú ar Cholmcille ach mar gheall ar na teagmhálacha poláitiúla ardphróifíle a bhí aige chomh maith. Shíolraigh sé ó chlann cheannais in Éirinn gur bhunaigh caidreamh le treibheanna áitiúla lena n-áirítear Dál Riada agus na Cruithnigh abhus gar d’Inbhear Nis.

Bhí a oiread céanna taidhleoireachta agus polaitíochta taobh thiar de na caidrimh seo agus a bhí de chúrsaí creidimh. Ba mhian le Colmcille a chinntiú go mbeadh a chuid manach sábháilte agus iad ag taisteal. Ach, bhí caidreamh maith á bhunú aige chomh maith le – agus idir – na Cruithnigh agus Dál Riada a raibh cuid mhaith d’Albain mar is eol dúinn anois í faoina smacht.

Le linn shaol Cholmcille, bhí cothromaíocht na cumhachta á haistriú idir na Cruithnigh agus Dál Riada. Na Cruithnigh a bhí i gceannas i ndiaidh dóibh Conall Rí a bhriseadh i gcath blianta beaga sular tháinig Colmcille go hOileán Í.

Obair Mhisinéireachta

Is i mbád a dhéanadh Colmcille an turas fada suas an Gleann Mór, á iompar trasna na muineál caol talún idir na lochanna.

Rinne a chuid manach turais fhada ar muir agus ar tír ar fud Inse Ghall, cósta thiar Alban agus Inse Orc.

Bhí obair mhisinéireachta mar chloch choirnéil i saol agus i gcreideamh na manach chomh maith le deasghnáth liotúirgeach, machnamh príobháideach agus urnaí.

Cérbh iad na Cruithnigh?

Is iad na Cruithnigh na háitritheoirí is sine a bhfuil eolas orthu i dTuaisceart na Breataine, a rinne cónaí sa tuaisceart agus san oirthear i limistéar a dtugtar Albain anois air ón 3ú haois go dtí an 9ú haois.

‘Picti’ a thug na Rómhánaigh orthu – ón fhocal Laidine ‘pingere’, b’fhéidir, a chiallaíonn ‘péinteáil’ toisc gur ghnách leo tatúnna nó péintéireacht choirp a úsáid. Sa Ghaeilge, na Cruithnigh a tugadh orthu – agus tugann leagan Breatnaise an fhocail seo ‘Briotanach’ agus ‘An Bhreatain’ dúinn.

Bhí naisc pholaitiúla ag an chlann ríoga Chruithneach le Dál Riada (ar a dtugtar Scotti chomh maith) a bhí lonnaithe in Argyll agus i dTuaisceart na hÉireann, agus leis na hAngla-Shacsanaigh in Northumbria

Cá bhfaighimid eolas faoi na Cruithnigh?

Ní raibh aon chóras scríbhneoireachta ag na Cruithnigh ar feadh ár n-eolais. Is é an t-aon doiciméad atá fós ann a bhaineann leis na Cruithnigh ná liosta de na ríthe acu, arna scríobh sa Laidin.

Ó dhornán inscríbhinní greanta i gcloch atá fós ann, tá lucht léinn den tuairim gur dócha gaol a bheith ann idir teanga na gCruithneach agus an tsean-Bhreatnais agus an Ghaeilge.

Ach bhí teangaire de dhíth ar Cholmcille, ar chainteoir Gaeilge é, agus é ar cuairt i dtír na gCruithneach. Is doiligh a rá cé acu an amhlaidh nach raibh teanga na gCruithneach aige nó an amhlaidh nach raibh a scileanna sa teanga maith go leor le cúrsaí taidhleoireachta a dhéanamh gan teangaire.

Is é saothar ealaíne na gCruithneach an taifead is fearr atá againn ar a gcultúr. Saoir chloiche den scoth a bhí sna Cruithnigh a rinne snoíodóireacht chasta ghreanta agus rilífe.

Bíonn siombailí áirithe le feiceáil ar chuid mhaith de na clocha – éin, capaill, péisteanna, scátháin, cíora agus patrúin theibí. I ndiaidh do na Cruithnigh dul leis an Chríostaíocht tháirg siad clocha casta go leor a maisíodh le crosa agus le siombailí Críostaí. D’fhéadfaí go raibh na céadta cloch ina seasamh timpeall na tíre.

Is féidir go raibh bríonna ar leith ag baint leis na siombailí réamh-Chríostaí ach ní fios cad iad. Tá roinnt daoine den bharúil gur bhain siad le clanna nó le grúpaí teaghlaigh áirithe nó gur scríbhneoireacht phictiúrtha a bhí iontu.

Le Dul Ann

Leithinis is ea Rubha an Tairbeirt atá suite thart ar 40 míle ar an taobh ó thuaidh d’Inbhear Nis, soir ó Tain, achar beag ón A9.

 
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.1 Lárionad Fionnachtana Tarbat Portmahomack

    Idir 1994 agus 2007, rinne seandálaithe an ceantar a thochailt timpeall theampall Naomh Colmáin ag Port MoChalmaig ag Rubha an Tairbeirt. Tháinig siad ar lonnaíocht mhanachúil fhairsing ón 6ú haois dhéanach.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.2 Hilton of Cadboll

    Tá mórán gallán in Tarbat Ness a thugann léargas ar scil ealaíonta agus ar chreideamh Críostaí an phobail Chruithnigh a shnoigh iad. Is féidir gur mharcáil na galláin teorainn na dtailte a bhí faoi smacht ag an mhainistir in Portmahomack.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.3 Shandwick

    Tá an leac chroise ag Shandwick clúdaithe le siombailí Críostaí. Is léiriú é ar Chríostaíocht na gCruithneach seachas leac a nascann dearthaí pagánacha agus reiligiúnacha.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.4 Gallán Nigg

    Tá Gallán Nigg ar cheann de na galláin shnoite Chruithneacha is fearr dá bhfuil ann. Rinneadh é a shnoí thart ar 800IC – nó níos luaithe, b’fhéidir – agus tá se clúdaithe le siombailí Críostaí.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.5 Creag Phádraig

    Is cnoc faoi choillte í Creag Phádraig ar imeall Inbhear Nis. Leantar an cosán suas an cnoc go bhfeicfidh tú iarsmaí, más fíor, dhún Brude Rí.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    8.6 Naisc le Clocha Cruithneacha Eile Suíomhanna ó Thuaidh d'Inbhear Nis

    Fiosraítear stair na gCruithneach feadh an chósta thoir ó Inbhear Nis ó thuaidh.