5.3 Eaglais Naomh Pádraig Eaglais na hÉireann, Cúil Raithin

Is é an taifead is luaithe dá bhfuil againn ar Chúil Raithin ná tagairt a dhéantar dó i mBeatha Cholm Cille le hAdhamhnán. Bhí Adhamhnán ina Ab ar Oileán Í agus scríobh a chuntas ar bheatha Cholmcille céad bliain i ndiaidh bhás an naoimh in 597.

Deir Adhamhnán gur stop Colmcille ag easpag Chúil Raithin agus é ar a bhealach abhaile ó Dháil Dhroim Ceat. Le linn na cuairte, thug bunadh na háite ofrálacha d’fhíon agus de bhia chuig an naomh gur bheannaigh sé iad. Thug Colmcille amach do dhuine de na fir mar gheall ar an chraos aige. D’íosfaí an bia ag féasta le linn chuairt an naoimh.

Toisc easpag a bheith anseo is ionann sin is a rá gur measadh go raibh tábhacht ag baint le Cúil Raithin ag an am.

Is féidir gur ar shuíomh na lonnaíochta eaglasta bunaidh i gCúil Raithin a tógadh teampall paróiste Naomh Pádraig de chuid Eaglais na hÉireann go déanach sa 19ú haois.

st Patrick mosaic St Patricks Church mosaic
 

Le Dul Ann

Tugtar d’aghaidh soir i dtreo Chúil Raithin ar an B201 ar feadh thart ar mhíle. Ag an chrosbhealach, tiontaítear ar dheis ar Isle Road agus tugtar d’aghaidh síos chuig an A37. Tiontaítear ar chlé ar an A37 i dtreo Chúil Raithin.

Díreach roimh an droichead anonn ar Abhainn na Banna tiontaítear ar chlé ag an timpeallán chuig an A29 agus tugtar d’aghaidh ó thuaidh agus an abhainn ar thaobh na láimhe deise agat. Fantar ar an A29 agus téitear anonn Droichead na Banna ag tiontú ar chlé isteach chuig an A26. Tiontaítear ar dheis den A26 ag Sráid an tSrutháin (Brook Street) agus glactar casadh eile ar dheis isteach chuig Sráid Gheata an Rí a thiontaíonn isteach chuig Sráid na hEaglaise.

Breathnaítear suíomh gréasáin na heaglaise le haghaidh léarscáile agus tuilleadh eolais.


 
   
  • Drum Ceat, Limavady, Ireland.
     

    5.1 Droim Ceat, Léim an Mhadaidh

    De réir traidisiún níos déanaí i ndiaidh do Cholm Cille imacht as Éirinn, deirtear gur mhionnaigh sé nach leagfadh sé cos go deo arís ar thalamh na hÉireann.

  • Giant's Sconce, Sperrins, Ireland.
     

    5.2 Sconsa an Fhathaigh

    Ó bharr Sconsa an Fhathaigh, is furasta a thuiscint cad chuige ar áit mhaith é le dún a thógáil. Tá an ceantar le feiceáil go soiléir gach treo thíos fút agus tá Abhainn na Banna agus an fharraige lastall faoi thuras gairid ar tír.

  • St Patrick’s CofI, Coleraine, Sperrins, Ireland.
     

    5.3 Eaglais Naomh Pádraig Eaglais na hÉireann, Cúil Raithin

    Is é an taifead is luaithe dá bhfuil againn ar Chúil Raithin ná tagairt a dhéantar dó i mBeatha Cholm Cille le hAdhamhnán. Bhí Adhamhnán ina Ab ar Oileán Í agus scríobh a chuntas ar bheatha Cholm Cille céad bliain i ndiaidh bhás an naoimh in 597.

  • Camus Cross, Sperrins, Ireland.
     

    5.4 Cros Chamuis

    Seasann an bhlogh de ghaineamhchloch rua chros luathmheánaoiseach Chamuis anois i reilig atá suite ar bhruach thiar Abhainn na Banna ar an taobh ó dheas de Chúil Raithin.

  • Ballintemple, Sperrins, Ireland.
     

    5.5 Baile an Teampaill

    Creidtear gurb é Naomh Adhamhnán(c.628-704), Ab ar an mhainistir ar Oileán Í ó 679 go 704 agus údar Bheatha Cholm Cille (FOINSÍ), a bhunaigh an chéad teampall anseo.