5.2 Sconsa an Fhathaigh

Sperrins dun © Alan Sproull

Ó bharr Dún Ceithirn, is furasta a thuiscint gurbh áit mhaith é le dún a thógáil. Tá an mhórcheantar le feiceáil go soiléir gach treo thíos fút agus tá Abhainn na Banna agus an fharraige lastall faoi thuras gairid ar tír.

Meastar gur anseo a bhí Dún Ceithirn nó Dún Dá Bheann, dún ársa na seanscéalta. Is maolchnoc é an suíomh inniú ach ba dhún é tráth le ballaí 5-8 méadar ar tiús.

Maíonn Adhamhnán, beathaisnéisí Cholmcille, gur thuar an naomh Cath Dhún Ceithirn le linn a chuairte ar Mhórdháil Dhroim Ceat inar thuar sé go mbeadh fuil a chine ag rith ina sruth in Abhainn na Banna.

Troideadh an cath in 632 idir Congal Cáech, rí Uladh Thoir, agus Domnall mac Áedo, gaol Conallach de chuid Cholmcille agus rí ar Theamhair – a bhí, is cosúil, ar an ríocht ba láidre in Éirinn.

Is cosúil go raibh Dún Ceithirn faoi smacht ag Conghal agus is féidir go raibh seisean ag iarraidh cumhacht Dhónaill a bhriseadh. Bhí an lá le Dónall ach bhí air ionsaí a dhéanamh ar Chonghal arís in 639 i gCath Mhaigh Rath, cath eile a thuar Colmcille de réir dealraimh.

 

Le Dul Ann

Níl aon chosán marcáilte ann ach is féidir barr an chnoic a bhaint amach trí siúil ar chonair foraoise. Moltar coisbheart láidir a chaitheamh. Tógann an turas thart ar 20 bomaite le dul ann.

Glac Bóthar Windyhill (nó “The Murderhole Road” mar a thugtar air mar gheall ar an ghadaí bóthar mhínáireach Coisí an Ghleanna) Ó Léim an Mhadaidh agus tabhair d’aghaidh soir ar an bóthar seo i dtreo Chúil Raithin. Feicfidh tú Bóthar Bratwell ar thaobh na láimhe clé I ndiaidh thart ar 6 mhíle. Thart ar 200m i ndiaidh an acomhail seo tá geata beag foraoise ar thaobh na láimhe clé, le spás páirceála neamhfoirmeálta cois bóthair ann atá oiriúnach d‘fheithicil nó beirt. Páirceáil anseo, trasnaigh an geata agus lean an chonair agus réiteach foraoise go barr an Dúin.


 
   
  • Drum Ceat, Limavady, Ireland.
     

    5.1 Droim Ceat, Léim an Mhadaidh

    De réir traidisiún níos déanaí i ndiaidh do Cholm Cille imacht as Éirinn, deirtear gur mhionnaigh sé nach leagfadh sé cos go deo arís ar thalamh na hÉireann.

  • Giant's Sconce, Sperrins, Ireland.
     

    5.2 Sconsa an Fhathaigh

    Ó bharr Sconsa an Fhathaigh, is furasta a thuiscint cad chuige ar áit mhaith é le dún a thógáil. Tá an ceantar le feiceáil go soiléir gach treo thíos fút agus tá Abhainn na Banna agus an fharraige lastall faoi thuras gairid ar tír.

  • St Patrick’s CofI, Coleraine, Sperrins, Ireland.
     

    5.3 Eaglais Naomh Pádraig Eaglais na hÉireann, Cúil Raithin

    Is é an taifead is luaithe dá bhfuil againn ar Chúil Raithin ná tagairt a dhéantar dó i mBeatha Cholm Cille le hAdhamhnán. Bhí Adhamhnán ina Ab ar Oileán Í agus scríobh a chuntas ar bheatha Cholm Cille céad bliain i ndiaidh bhás an naoimh in 597.

  • Camus Cross, Sperrins, Ireland.
     

    5.4 Cros Chamuis

    Seasann an bhlogh de ghaineamhchloch rua chros luathmheánaoiseach Chamuis anois i reilig atá suite ar bhruach thiar Abhainn na Banna ar an taobh ó dheas de Chúil Raithin.

  • Ballintemple, Sperrins, Ireland.
     

    5.5 Baile an Teampaill

    Creidtear gurb é Naomh Adhamhnán(c.628-704), Ab ar an mhainistir ar Oileán Í ó 679 go 704 agus údar Bheatha Cholm Cille (FOINSÍ), a bhunaigh an chéad teampall anseo.