5.1 Droim Ceat, Léim an Mhadaidh

De réir traidisiún meánaoiseach, i ndiaidh do Cholmcille imeacht as Éirinn deirtear gur mhionnaigh sé nach leagfadh sé cos go deo arís ar thalamh na hÉireann. Ach is cosúil gur phill sé aon uair amháin eile ar a laghad – i gcomhair Mhórdháil Dhroim Ceat sna 570í is cosúil, anseo díreach ar an taobh thiar de Léim an Mhadaidh.

Sperrins drum © Alan Sproull

Tá cuntas ar an dáil seo ag Adhamhnán, beathaisnéisí Cholmcille, agus sna hannála comhaimseartha.

Taifeadadh cuntais thar a bheith áibhéileacha – ach finscéalach – ar an dáil i litríocht mheánaoiseach níos déanaí, ina gcuirtear in iúl go raibh sé ar cheann de na dálacha ba chlúití riamh i stair mheánaoiseach na hÉireann.

Mar shampla, ina leabhar Beatha Cholm Cille a scríobh sé in 1532, deir Mánus Ó Dónaill gur bhain Colmcille leas as an dáil le cás a dhéanamh nach ndíbreofaí filí na hÉireann as an tír mar gheall ar a ‘líon ollmhór, a seirbhe, a ngearántacht ná a mbriathra mailíseacha’ agus a n-iompar drochbhéasach i leith Rí Áedh mac Ainmhireach. Maítear chomh maith gur pléadh cúrsaí eile.

Le fírinne, ba é údar na dála an caidreamh polaitiúil agus míleata idir rí Dhál Riada, Áodhán mac Gabhráin, a raibh talamh aige i dtuaisceart na hÉireann agus iniarthar na hAlban agus rí tuath cumhachtach thuaisceart Éireann, Áodh mac Ainmhireach, as Tír Chonaill.

Tionóladh an dáil díreach ar an taobh thiar de bhaile mór Léim an Mhadaidh ar mhaolchnoc mar a bhfuil léargas soiléir i ngach treo. Bhí an cnoc seo i gcríoch neodrach gar don teorainn idir thailte na beirte fear.

Bhí gaol gairid idir Colmcille agus Áedh ach bhí sé ar cheann de phríomhphearsana reiligiúnda Dhál Riada chomh maith – is cosúil go raibh Oileán Í mar chuid de chríoch Dhál Riada.

Le linn a chuid ama in Éirinn, deir Adhamhnán gur tugadh easláin chuig Colmcille lena leigheas dá ngalair.

‘Chuir daoine breoite go leor a muinín ann agus leigheasadh go hiomlán iad, cuid acu óna lámh shínte, cuid acu toisc gur caitheadh uisce orthu a bheannaigh sé, cuid eile toisc gur bhain siad d’imeall a fhallainge, nó mar gheall ar rud éigin ar nós salann agus arán a bheannaigh an naomh agus a cuireadh in uisce.’

De réir Beatha Cholm Cille Uí Dhónaill d’fhreastail Colmcille ar Dhroim Ceat ar iarratas ó fhir na hÉireann:

‘ionas go mbeannódh sé a dtuataí agus a gcléir agus a gcuid fear agus ban sula bhfaigheadh sé bás; nó, ag an am sin, bhí sé i ndeireadh a shaoil agus a laethanta’.

Deir Adhamhnán chomh maith gur thuar Colmcille Cath Dhún Ceithirn le linn a chuairte.

 

Le Dul Ann

Agus tú ag tiomáint i dtreo Léim an Mhadaidh as Doire ar an A2, sula mbainfidh tú an baile mór amach, tiontaigh ar dheis ag an timpeallán chuig B69 Bóthar Lios na Coille. Tá suíomh Dhroim Ceat sa ghalfchúrsa ag Ionad Saoire Pháirc an Ró ag an Radisson Blu a bhfuil cuaillí eolais ann faoin coinne ó Bhóthar Lios na Coille.

Is talamh príobháideach é seo. Dá bhrí sin ní mór cead a iarraidh san óstán nó sa siopa gailf siúl an t-achar gairid suas chuig an chnoc.

Léirigh, le do thoil, urraim do na himreoirí agus bí ar d’fhaichill roimh liathróidí gailf.


 
   
  • Drum Ceat, Limavady, Ireland.
     

    5.1 Droim Ceat, Léim an Mhadaidh

    De réir traidisiún níos déanaí i ndiaidh do Cholm Cille imacht as Éirinn, deirtear gur mhionnaigh sé nach leagfadh sé cos go deo arís ar thalamh na hÉireann.

  • Giant's Sconce, Sperrins, Ireland.
     

    5.2 Sconsa an Fhathaigh

    Ó bharr Sconsa an Fhathaigh, is furasta a thuiscint cad chuige ar áit mhaith é le dún a thógáil. Tá an ceantar le feiceáil go soiléir gach treo thíos fút agus tá Abhainn na Banna agus an fharraige lastall faoi thuras gairid ar tír.

  • St Patrick’s CofI, Coleraine, Sperrins, Ireland.
     

    5.3 Eaglais Naomh Pádraig Eaglais na hÉireann, Cúil Raithin

    Is é an taifead is luaithe dá bhfuil againn ar Chúil Raithin ná tagairt a dhéantar dó i mBeatha Cholm Cille le hAdhamhnán. Bhí Adhamhnán ina Ab ar Oileán Í agus scríobh a chuntas ar bheatha Cholm Cille céad bliain i ndiaidh bhás an naoimh in 597.

  • Camus Cross, Sperrins, Ireland.
     

    5.4 Cros Chamuis

    Seasann an bhlogh de ghaineamhchloch rua chros luathmheánaoiseach Chamuis anois i reilig atá suite ar bhruach thiar Abhainn na Banna ar an taobh ó dheas de Chúil Raithin.

  • Ballintemple, Sperrins, Ireland.
     

    5.5 Baile an Teampaill

    Creidtear gurb é Naomh Adhamhnán(c.628-704), Ab ar an mhainistir ar Oileán Í ó 679 go 704 agus údar Bheatha Cholm Cille (FOINSÍ), a bhunaigh an chéad teampall anseo.