Sliabh Speirín Thuaidh agus An Bhanna
Ar an taobh thoir de chathair Dhoire, tá limistéar de chnoic ghlasa, tránna gainimh fada agus cnoic maorga Sliabh Speirín.
Tá naisc láidre idir an áit seo agus saol agus scéalta faoi Cholmcille, mar a taifeadadh iad an chéaduair ag Adhamhnán, Ab Oileán Í 679-704. Scríobh Adhamhnán Beatha Cholm Cille – an cuntas iomlán is luaithe dá bhfuil fós againn ar shaol an naoimh.
Is beag áit in Éirinn a luann Adhamhnán ar thug Colmcille cuairt orthu ach luann sé trí cinn sa cheantar seo.
Ina leabhar deir Adhamhnán gur phill Colmcille ar Éirinn le haghaidh Mórdháil Dhroim Ceat a tionóladh taobh amuigh de Léim an Mhadaidh an lae inniu sna 570í is cosúil. Le linn a chuairte, thug an naomh cuairt ar Chamus, ar an taobh ó dheas de Chúil Raithin áit ar thuar sé Cath Dhún Ceithirn. Thug sé cuairt ar Chúil Raithin chomh maith mar ar bhuail an t-easpag áitiúil leis agus mar ar ghlac sé le bronntanais ó phobal na háite.
Le Dul Ann
Tógann sé 30 bomaite i gcarr le dul ó Léim an Mhadaidh go Doire ar an A2. Tá an chéad stad ar an tslí díreach ar an taobh ó dheas den bhaile mhór.
