Lá Fhéile Colmcille: imeachta i an 8, 9 & 12 Meitheamh 2016

9 Meitheamh 2016

Déanfar Lá Fhéile Colmcille, an 9 Meitheamh, a cheiliúradh in áiteanna ar Shlí Cholmcille in Éirinn agus in Albain, ina measc, Gleann Cholmcille, Gartán, a áit bhreithe, a chathair Doire Cholmcille, agus ina mhainistir in Oileán Í.

ALBAIN

I gComann Eachdraidh Nis in Eilean Leòdhais, ag 11rn, seolfar Slighe nan Naomh – conair oidhreachta, leabhrán, agus mapa i nGàidhlig, i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh daoine as an áit ag ceol na salm Gàidhlig ann.

Chomh maith le seoladh Slighe Chaluim Chille in Eilean Leòdhais, beidh seirbhís chomaoiní i Mainistir Cholmcille in Oileán Í ar fhéile an Naoimh, 21.00.


DOIRE CHOLMCILLE

Seirbhísí Eaglasta

  • 10.30 Eaglais Naomh Agaistín, Eaglais na hÉireann (á cheiliúradh ag an Urr Malcolm Ferry) agus caint stairiúil ina dhiaidh
  • 19.30 Aifreann in Eaglais Naomh Colmcille, An Túr Fada, á cheiliúradh ag an Easpag Mac Eoin, agus beannú Thobar Cholmcille ina dhiaidh

Imeachtaí

  • 14.00 Áras Cholmcille Columba Our Founding Father léiriú trasphobail ag bunscoileanna áitiúla
  • Slí Cholmcille 17.30 ag Halla na Cathrach 17.45 ag Eaglais Naomh Agaistín: Mórshiúl gléasta mar athléiriú ar an oilithreacht a bhain le Colmcille sna meánaois, ó Phort na Long (Cearnóg Halla na Cathrach mar atá anois) go dtí ceantar an Teampaill Mhóir (Eaglais an Túir Fhada mar atá anois).
  • 20.00 Áras Cholmcille 'Tráthnóna ag an Áras', Ceol agus sliochtanna á léamh taobh amuigh in omós do Naomh Colmcille.

TÍR CHONAILL

  • 12.00 Turas Cholmcille i nGleann Cholm Cille meán lae (chomh maith le 23.45 ar an 8 Meitheamh)
  • 13.00 Aifreann sa Chrannóg, Srath na Corca. Tá an t-Aifreann á rá do anamacha iarr bhaill de Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair atá ar shlua na mairbh, agus chun an fhoirgneamh a bheannú.
  • 19.00 Tobar Cholmcille, An Ardaidh Bheag, Gort an Choirce. An Páidrín ag an Ath Seán Ó Gallchóir

Agus Dé Domhnaigh 12 Meitheamh ar 16.00 Seirbhís de chuid Eaglais na hÉireann ag sean-Mhainistir Cholmcille i nGartán

Pilgrimage from Gartan to Derry