7.6 Cnoc nan Aingeal

Iona machair © Ken Thevet

Is talamh méith féaraigh ar a dtugtar Am Machair (machaire) é lár an oileáin.

Lean an bóthar trasna an mhachair i dtreo geata. Díreach roimh an gheata ar thaobh na láimhe clé tá cnocán beag a dtugtar Cnoc na nAingeal air. De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholmcille, is é seo an áit a bhfacthas an naomh ag bualadh leis na haingle,

"Mar a chonacthas líon mór aingeal ag teacht ó Neamh a dhéanamh coinfearadh le Colmcille

Ar an dóigh chéanna agus ar ócáid eile, nuair a bhí Naomh Colmcille ina chónaí in Oileán Í, labhair sé le cruinniú de na mbráithre, agus leag béim ar a chuid caint á rá:

‘Inniu rachaidh mé chuig an mhachaire ar an taobh siar den oileán, agus is mian liom dul ann liom féin. Ná leanadh duine ar bith mé mar sin.’

Bhí siad umhal dó, agus d’imigh sé gceann a thuras leis féin mar ba mhian leis. Ach bhí fear de na bráithre a chuaigh bealach eile agus a sheas ar bharr ardáin os cionn an mhachaire. Chonaic sé ón chnoc, Naomh Colmcille ina sheasamh ar ardán sna páirceanna ag guí, a lámh sínte amach i dtreo na bhFlaitheas agus a shúil an airde...

Óir bhí aingle beannaithe a chónaigh sa ríocht Neamhaí agus éadaí geala orthu ag eitilt anuas faoi luas ró-iontach, gur chruinnigh siad thart ar an fhear naofa agus é ag urnaí. I ndiaidh dóibh labhairt tamall le Naomh Columcille, d’imigh an slua neamhaí, mar a bheadh a fhios acu go raibh cúlchoimhéad á dhéanamh orthu, d’imigh siad go gasta in airde Neimhe....

Is é Cnoc na nAingeal ainm na háite a ndearna Colmcille comhrá leis na haingle, agus is fianaise an t-ainm sin ar ar tharla ann."

                                                                  Leabhar 3: 16
 

Le Dul Ann

Agus Caolas Í ar thaobh na láimhe deise, siúil díreach tríd an sráidbhaile. Cas ar dheis ar an bhóthar ag dul siar trasna an oileáin. Díreach roimh an gheata ar thaobh na láimhe clé feicfidh tú Cnoc na nAingeal.


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í in 563 as Doire (4.5) in Éirinn. De réir traidisiúin, bhí Colm Cille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.2 Portmhúr, Mainistir agus Clabhstra

    Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholm Cille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

    Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.4 An Clochar/An Eaglais Dhubh

    Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.5 Port nam Mairtear

    Tá Port nam Mairtear suite díreach ar an taobh ó dheas den sráidbhaile agus den ché.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.6 Cnoc nan Aingeal

    De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholm Cille, is é seo an áit a bhfacthas an naomh ag bualadh leis na haingle,

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.7 Bàgh Chaluim Chille

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 (NASC 6.1) mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.8 An Cobhan Cùilteach

    Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil.