7.2 Mainistir, Clabhstra agus Portmhúr

Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholmcille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain. Tá an talamh ardaithe seo 335 méadar ar fhad agus 152 méadar ar leithead. Tagann ‘vallum’ ón fhocal Laidin a chiallaíonn daingniú campa ach níor bhalla cosanta é seo.

Taobh istigh den bhabhún bhí botháin choirceoige ann a bhí déanta as adhmad agus móin (agus dúshraith chloiche ag cuid acu); séipéal beag; áit codlata do na manaigh; bialann le haghaidh béilí agus teach lóistín. Taobh amuigh den bhábhún, bhí páirceanna, foirgnimh feirme agus ceardlanna ag na manaigh.

Níl aon iarsma den chéad mhainistir riamh le feiceáil anseo – is cosúil gur ar shuíomh Eaglais na Mainistreach a bhí sé – ar tugadh Ardeaglais Mhuire uirthi chomh maith. Bhí bunadh Oileán Í an-tugtha do Mhuire – is cosúil gurb é Cú Chuimhne as Oileán Í an chéad Ghael a scríobh iomann don Mhaighdean agus tá íomhánna de Mhuire le feiceáil ar chlocha a snoíodh ar an oileán.

De réir Annálacha Uladh rinneadh ionsaí ar an mhainistir ar Oileán Í in 794. I ndiaidh roinnt ionsaithe sna blianta ina dhiaidh sin, thréig bunús na manach an t-oileán agus rinneadh máthairtheach mhainistreacha Cholmcille de Cheanannas in Éirinn.

Is cosúil gur cuireadh tús le Leabhar Cheanannais ar Oileán Í agus gur críochnaíodh i gCeanannas é agus is teist é ar chumas ealaíonta agus ar scileanna mhanaigh Oileán Í a d’oibrigh air. Rinneadh taisí Cholmcille, a coinníodh ar Oileán Í, a roinnt in 849 – tugadh cuid acu go Ceanannas agus cuid acu go hArdeaglais Dhùn Chailleinn i Siorramachd Pheairt.

Ainneoin ionsaithe fíochmhara na Lochlannach, d’fhan cuid de na manaigh ar Oileán Í. Faoi dheireadh an 9ú haois bhí prionsaí Lochlannacha á mbaisteadh ann agus air ar Oileán Í arís ag lucht leanúna Cholmcille.

Maidir leis an Eaglais Mhainistreach Bheinidicteach a fheiceann tú inniu, ba é Raghnall mac Shomhairle, Tiarna na nOileán, a bhunaigh í in 1203. Bhí an Mhainistir in ard a réime ar feadh breis agus 300 bliain agus nasc láidir idir í féin agus Colmcille agus a ionad cumhachtach san eaglais luath-mheánaoiseach. Chuaigh an Mhainistir i léig roimh an Reifirméisean agus bhí sí ina fothrach sula críochnaíodh obair dheisithe ollmhór uirthi in 1910. Is beag atá fágtha den fhoirgneamh bunaidh ón 13ú haois.

Taobh istigh tá scrín in onóir Cholmcille agus fianaise gur úsáideadh an suíomh le haghaidh adhlacthaí sna meánaoiseanna – is féidir féin gurb é seo suíomh bunaidh uaigh Cholmcille.

I músaem na Mainistreach tá crosa bunaidh Naomh Odhrán agus Naomh Eoin chomh maith le leaca uaighe snoite áille.

 

Le Dul Ann

Gabh isteach san Eaglais Mhainistreach agus fiosraigh an foirgneamh agus an clabhstra athchóirithe 13ú haois. Tá an músaem suite san Otharlann ar an taobh thuaidh den Mhainistir.

Agus tú i ndiaidh an áit a fhiosrú, gabh amach leis an Phortmhúr a fheiceáil – an claífort créthógála a bhí mar theorainn ag an mhainistir luath.


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í in 563 as Doire (4.5) in Éirinn. De réir traidisiúin, bhí Colm Cille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.2 Portmhúr, Mainistir agus Clabhstra

    Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholm Cille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

    Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.4 An Clochar/An Eaglais Dhubh

    Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.5 Port nam Mairtear

    Tá Port nam Mairtear suite díreach ar an taobh ó dheas den sráidbhaile agus den ché.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.6 Cnoc nan Aingeal

    De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholm Cille, is é seo an áit a bhfacthas an naomh ag bualadh leis na haingle,

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.7 Bàgh Chaluim Chille

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 (NASC 6.1) mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.8 An Cobhan Cùilteach

    Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil.