7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

Tháinig Colmcille go hOileán Í in 563 as Doire in Éirinn.

De réir traidisiúin, bhí Colmcille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í.

Bhí áit á lorg aige chomh maith ina bhféadfadh sé bheith beo agus a bheith ag obair faoi shuaimhneas. Ba le Dál Riada ceannas agus b limistéir ollmhóra d’Earra-Ghàidheal agus d’oirthuaisceart na hÉireann. Is féidir gur thug Conall, rí Dhál Riada, cead do Cholmcille a mhainistir a thógáil ar an oileán seo.

Bhain mainistir Cholmcille áit amach di féin mar an príomhionad do ghréasán de mhainistreacha fud fad Earra-Ghàidheal, na hoileáin amuigh agus níos faide i gcéin go críocha na gCruithneach agus go dtí mainistir Lindisfarne i dtuaisceart Shasana. Bhí an familia seo de mhanaigh faoi ghéillsine ag Colmcille agus ag na fir a tháinig i gcomharbacht air mar Ab Oileán Í.

Na hArdchrosa

Taobh amuigh den Mhainistir, tá Cros Naomh Máirtín le feiceáil. Tá iarsmaí cheithre chros ársa ar Oileán Í tiomnaithe do Naomh Máirtín, Naomh Maitiú, Naomh Eoin agus Naomh Odhrán.

Léiríonn na crosa suíomh an tseanteampaill ar Oileán Í agus uaigh Cholmcille. Is cosúil gur úsáideadh iad mar mharcóirí d’oilithrigh agus iad ar a mbealach go scrín Cholmcille taobh istigh den Mhainistir.

Níl ach Cros Naomh Máirtín – a rinneadh idir 750 agus 800 –fós ina seasamh ina hiomláine ar a suíomh bunaidh. Tá iarsmaí Chros Naomh Maitiú agus macasamhail Chros Naomh Eoin in aice láimhe. Tá Cros Naomh Odhrán agus Cros bunaidh Naomh Eoin taobh istigh den Mhainistir.

Is féidir go raibh áit ar leith ina gcuid deabhóide ag manaigh Oileán Í do Naomh Máirtín. Saighdiúir Rómhánach sa 4ú haois ab ea é an naomh. Nocht Críost é féin dó i bhfís agus thug sé cúl leis an chogaíocht ar bhun coinsiasa. Rinneadh Easpag ar Tours de agus chaith sé saol beag crua chomh maith i measc díthreabhach a bhí ina gcónaí in uaimheanna. B’ionann saol Naomh Máirtín agus idéal reiligiúnda ag manaigh Oileán Í – bhí áit thábhachtach san eaglais aige ach fós féin bhí saol bocht, simplí aige.

Tá aghaidh thiar Chros Naomh Máirtín maisithe de radharcanna ón Bhíobla lena n-áirítear an Mhaighdean agus an Leanbh, Dainéil i bPluais na Leon, Dáibhí agus Góiliat, agus Dáibhí agus Sól. Tá cnapáin chruinnithe agus ollphéisteanna atá snaidhmthe ina Chéile mar mhaistiúchán ar aghaidh thoir na croise. Ba shiombailí iad seo de chuid maisiúla de chuid snoíodóireacht Chríostaí na linne sin iad.

Tugann logainmneacha ar fud na hAlban fianaise ar an urraim so Naomh Máirtín – cuir i gcás Cille Mhàrtain i lár Earra-Ghàidheal, agus is dó a tiomnaíodh an teampall in Whithorn, Dùn Phrìs & Gall-Ghàidhealaibh sa 8ú haois.

Tòrr Aba – Cnoc an Aba

Tháinig seandálaithe ar iarsmaí chill choirceoige bige ar an chnocán bheag seo a dtugtar Tòrr Aba uirthi – agus a dtugtar Cill Cholmcille uirthi chomh maith – gar do Chros Naomh Màrtain.

Is féidir gur bothán scríbhneoireachta Cholmcille a bhí ann, mar a thugann Adhamhnán cur síos air:

Faoi adharc dhúigh a leagadh le míchúram

Chualathas scairteach lá anall thar Chaolas Í. Chuala an naomh é agus é ina shuí ina bhothán adhmaid, agus dúirt. The saint was sitting in his raised wooden hut and heard this, saying:

“An fear atá ag scairteadh thar an chaolas, níl aird aige cad é atá sé a dhéanamh, Leagfaidh sé inniu m’adharc bheag dhúigh agus doirtfidh sé an dúch as.”

Chuala a shearbhónta Diarmaid é á rá seo agus d’fhan sé tamall ag an doras ag feitheamh leis an aoi anásta teacht le go gcoinneodh sé ar shiúl é ón adharc dhúigh. Ach bhog sé leis ar ghnóthaí eile, agus tháinig an cuairteoir ciotach an uair sin. Agus é a chromadh síos a phógadh an naoimh, leag sé an adharc le himeall a éadaigh, agus doirteadh an dúch..

                Beatha Cholm Cille le hAdhamhnán 1:27

De réir Adhamhnáin bhain Colmcille úsáid as dhá fhoirgneamh ina ghnáthshaol laethúil – bothán scríbhneoireachta agus bothán inar chodail sé ‘mar a mbíodh carraig lom agus cloch in áit cocháin mar cheannadhairt aige’.

 

Le Dul Ann

Tosaíonn an tSlí taobh amuigh den Mhainistir féin. Tá ardchros Naomh Máirtín ina seasamh os comhair an fhoirgnimh agus is é Tòrr an Aba an mullach creagach díreach ar an taobh thiar den chros, ag breathnú síos ar an Mhainistir ón taobh eile den chosán.


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í in 563 as Doire (4.5) in Éirinn. De réir traidisiúin, bhí Colm Cille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.2 Portmhúr, Mainistir agus Clabhstra

    Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholm Cille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

    Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.4 An Clochar/An Eaglais Dhubh

    Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.5 Port nam Mairtear

    Tá Port nam Mairtear suite díreach ar an taobh ó dheas den sráidbhaile agus den ché.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.6 Cnoc nan Aingeal

    De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholm Cille, is é seo an áit a bhfacthas an naomh ag bualadh leis na haingle,

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.7 Bàgh Chaluim Chille

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 (NASC 6.1) mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.8 An Cobhan Cùilteach

    Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil.