Oileán Í

Tá Oileán Í ina luí amach ó iardheisceart Mhuile. Ba ar an oileán álainn seo a bhunaigh Colmcille a mhainistir in 563.

Bhí Oileán Í ag croí an familia de mhainisteacha agus de lonnaíochtaí reiligiúnda a bhí scaipthe fud fad iarthar na hAlban, a bunaigh Colmcille agus a chomharbaí.

Le dul isteach chun an oileáin inniu ní mór turas fartha a dhéanamh as an Òban, tiomáint trasna ar dheisceart Mhuile agus turas báid gairid a dhéanamh anonn go hOileán Í – ach in aimsir Cholmcille, ba de mhuir ar rinne na daoine an turas.

Agus tú ag amharc ar an oileán ón fharraige, tuigfidh tú in aicearracht a chóngaraí agus atá sé d’Inse Ghall Istigh, cósta thiar na hAlban agus cósta thuaidh na hÉireann.

Ba é Adhamhnán, comharba Cholmcille mar Ab ar Oileán Í agus i Beatha Cholm Cille sa 7ú haois, cuireann sé síos ar na manaigh ag taisteal idir na hoileáin agus níos faide i gcéin, agus ag fáiltiú roimh chuairteoirí chuig an mhainistir.

Tabhair cuairt ar an oileán suaimhneach seo agus blais den oidhreacht is fearr dá bhfuil againn de bheatha agus shaothar Cholmcille, agus mar a bhfuil a ídéil Chríostaí fós á gcur chun cinn trí shaothar Phobal Oileán Í.

Bhí cónaí ar Oileán Í i bhfad sular tháinig Colmcille i dtír ann. Tá daonra buan ann ag baint a mbeatha as an talamh agus as an fharraige ón mheánaois aniar, ar a laghad. Inniu tá tuairim ar 125 duine ina gcónaí ar an oileán, agus tá a n-eaglais pharóiste féin acu, halla pobail, agus seirbhísí áitiúla eile.

Tá an t-oileán faoi chúram [Urras Nàiseanta na h-Alba] (http://www.nts.org.uk/Property/Iona/Learn/"National Trust - Iona")(National Trust for Scotland) ó 1979. Tá cuid foirgneamh agus séadchomharthaí eaglasta eile faoi bhainistiú [Alba Aosmhor] [Historic Scotland]. Tá Comhthionól Í Iona Community, gluaiseacht éacúiméineach a cuireadh ar bun i nGlaschú in 1938 ina dtionóntaithe i compal na Mainistreach, mar a ndéanann siad adhradh agus mar a dtugann siad aíocht do chuairteoirí le linn an tsamhraidh.

Le Dul Ann

Féach ar shuíomh gréasáin Calmac le haghaidh amanna seolta fartha as an Òban go Muile agus ó Fhionnphort go hOileán Í.

 
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í in 563 as Doire (4.5) in Éirinn. De réir traidisiúin, bhí Colm Cille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.2 Portmhúr, Mainistir agus Clabhstra

    Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholm Cille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

    Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.4 An Clochar/An Eaglais Dhubh

    Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.5 Port nam Mairtear

    Tá Port nam Mairtear suite díreach ar an taobh ó dheas den sráidbhaile agus den ché.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.6 Cnoc nan Aingeal

    De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholm Cille, is é seo an áit a bhfacthas an naomh ag bualadh leis na haingle,

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.7 Bàgh Chaluim Chille

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 (NASC 6.1) mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.8 An Cobhan Cùilteach

    Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil.