1.7 Tobar Cholmcille

7. Tobar Cholmcille

Tá carn mór cloch timpeall Thobar Cholmcille. Ar a mbealach suas an cnoc, bailíonn oilithrigh trí chloch níos faide síos an mhala. Gach uair a théann siad timpeall an chairn i gciorcal, caitheann siad cloch isteach ann. Ólann oilithrigh uisce as an tobar chomh maith agus is minic a thugann siad uisce leo.

Creideann mórán daoine go láidir go bhfuil leigheas in uisce coisricthe agus is minic a fhágann siad ofrálacha ag an tobar.

I ndiaidh cuairt a thabhairt ar an tobar, tugann oilithrigh a n-aghaidh síos taobh thuaidh an ghleanna. Mullach na Cainte a thugtar air seo. Is é seo an t-aon chuid amháin den turas ar a bhfuil cead ag daoine labhairt.

Tá na naisc finscéalaíochta idir Colmcille agus Gleann Cholm Cille luaite in ‘Beatha Cholm Cille’ le Mánus Ó Dónaill a scríobhadh sa bhliain 1532. Sa leabhar seo cuirtear síos ar an dóigh ar chuir an laoch finscéalaíochta Fionn Mac Cumhaill síos i dtairngreacht ar shaol agus ar naofacht Cholmcille.

'Rinne Fionn Mac Cumhaill tairngreacht ina thaobh (Colmcille) lá dar lig sé a chú cáiliúil Bran ar lorg eilite ag abhainn an tSean-Ghleanna i gcríoch Cineál Chonaill ar a dtugtar Gleann Cholm Cille inniu. Ach, ní rachadh sé anonn an abhainn sa ghleann sa tóir ar an eilit. B’iontach sin le gach duine, toisc nár lig an cú a cheann lena sheilg riamh roimhe. Ansin chuaigh Fionn i muinín a chuid feasa agus, ag labhairt dó trí spiorad na tairngreachta, ainneoin nach raibh an creideamh aige, dúirt sé: ‘Saolófar gasúr sa chríoch ar an taobh ó thuaidh a mbeidh Colmcille mar ainm air. Beidh sé ar an deichiú glúin i ndiaidh Chormac ua Coinn agus beidh sé lán de ghrástaí agus de chosaint an Dé atá mar Aon Phearsa agus mar Thriúr Pearsa – sin le rá a bhí agus a bheidh. Beidh mainistreacha go leor aige in Éirinn agus in Albain, agus beannóidh sé an talamh anseo ón sruthán seo agus beidh sé ina thearmann go deo ag gach duine a théann ann. Agus ba in ómós dó gur ghlac Bran trua don eilit agus gur stad de bheith á ruaigeadh anonn an abhainn.’

Turas 7 © Mindie Burgoyne
 
 
   
  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.1 Tuama Cúirte na Sráide

    Is fothrach tuama adhlactha é seo a dhátaíonn ó 3,000RC. Feirmeoirí a chónaigh i nGleann Cholm Cille a rinne agus a d’úsáid é. Is tuama réamh-Chríostaí é ach rinneadh cuid de bhealach oilithreachta Thuras Cholm Cille timpeall an ghleanna é.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.2 Gallán Croise

    Tá an chros seo beagnach 2 mhéadar ar airde agus í maisithe le dearthaí snoite ar an dá thaobh. Is leacht Críostaí é a rinneadh, is dócha, timpeall 700-800IC

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.3 Carn Gharbh Ros

    Carn is ea í Áit na nGlún. Ag an taobh tá leac chloiche chothrom agus cloch chruinn ar a barr. I ndiaidh d’oilithrigh dul timpeall an chairn i gciorcal, cuireann siad an chloch níos lú timpeall a gcoirp agus iad i mbun urnaí.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.4 Gallán Croise, Bíofán

    Gallán is ea í Mullach na Croise a bhfuil imlíne dhoiléir croise snoite air. Tá sé ina sheasamh i lár cairn. Tá an carn agus an chros taobh istigh d’fhothrach imfhálaithe chiorclaigh.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.5 Teampall Cholm Cille, Bíofán

    De réir traidisiúin áitiúil, is é seo láthair theampall Cholm Cille i nGleann Cholm Cille mar ar ghuigh an naomh agus ar oibrigh sé ar lámhscríbhínní dathmhaisithe. Tá trí leac ann chomh maith ar a bhfuil snoíodóireachtaí Críostaí orthu.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.6 Cathaoir Cholm Cille

    De réir an tseanchais is anseo a shuigh Colm Cille lena scíste a dhéanamh, ag breathnú síos ar an ghleann thíos faoi. Tá daoine ann a mhaíonn go dtiocfaidh mian ar bith a iarrtar anseo isteach fíor.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.7 Tobar Cholm Cille

    Tá carn cloch mór timpeall Thobar Cholm Cille. Ar a mbealach suas an cnoc, bailíonn oilithrigh trí chloch níos faide síos an mhala. Gach uair a théann siad timpeall an chairn i gciorcal, caitheann siad cloch isteach ann.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.8 Garraí Cholm Cille

    Garraí Cholm Cille a thugtar ar Gharraí an Turais chomh maith. Tá trí ghallán sa limistéar, a bhfuil cros shimplí snoite ar bheirt acu. Tá carn thart ar gach gallán agus tá balla cloiche thart orthu uilig.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.9 Cloch na Aonaigh

    Tá Cloch an Aonaigh beagnach 2 mhéadar ar airde agus tá a aghaidh leis na hoilithrigh agus iad ar a mbealach anall trasna urlár an ghleanna. Tá patrúin chiorclacha agus líneacha snoite ar dhá thaobh na cloiche.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.10 An Fhothair

    Carn is ea é an stáisiún turais seo le gallán ina sheasamh istigh ina lár. Tá an carn i lár páirce. Tá aghaidh an ghalláin soir/siar agus tá radharcanna le feiceáil uaithi síos chuig an teampall de chuid Eaglais na hÉireann.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.11 An Droim Rua

    Gallán i gcarn is ea é stáisiún turais 11. Tá na stáisiúin ag an phointe seo den turas gar dá chéile ar dhá thaobh an bhóthair. Is féidir go leanann an bóthar atá inniu ann seanbhealach oilithreachta a bhíodh ann.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.12 Baile na nDeamhan

    Tá patrúin chomhthrasnacha mar mhaisiú ar dhá thaobh na cloiche seo. De réir an tseachais is i mBaile na nDeamhan a rinne deamhain ionsaí ar Cholm Cille.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.13 An Gaineamh

    Seasann an chloch seo díreach taobh leis an bhóthar. Scriosadh an chloch bhunaidh agus rinneadh macasamhail shnáithinghloine as na píosaí bunaidh. Tá obair shnoíodóireachta ar thaobh amháin dí agus a haghaidh soir/siar.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.14 An Caiseal

    Gallán ard snoite is ea é seo a bhfuil dhá phatrún chiorclacha aige. Amhail go leor de na galláin chroise i nGleann Cholm Cille, is féidir go ndátaíonn seo ón 7ú haois dhéanach go dtí an 9ú haois.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    1.15 An tStraid

    Tá an leac chroise seo anois ina dhá chuid, an chuid uachtarach ina suí ar an talamh ar thaobh na láimhe clé den chuid íochtarach. Tá trí phatrún chasta snoite uirthi, iad nasctha le líne ingearach.