Gleann Cholm Cille
Is gleann álainn é Gleann Cholm Cille in iarthar Dhún na nGall. Tá nasc láidir ag an cheantar labhartha Gaeilge seo le Colmcille – is uaidh a fuair sé a ainm – agus déantar an naomh a chomóradh le linn an turais nó na hoilithreachta a reáchtáiltear anseo gach bliain.
I nGleann Cholm Cille, leanann Slí Cholmcille bealach Thuras Cholmcille. Tá an turas mar chuid de thraidisiún láidir oilithreachta in Éirinn.
Nascann an turas roinnt seanchloch a dtéann cuid acu siar go dtí 3000RC. Is dócha go ndátaíonn na galláin atá mar chroí an turais ó 500-700AD.
Téann an nasc idir Colmcille agus Gleann Cholm Cille siar go dtí Beatha Cholm Cille a choimisiúnaigh Mánus Ó Dónaill, polaiteoir mór le rá in iarthuaisceart na hÉireann sa 16ú haois. Sa leabhar seo, a críochnaíodh sa bhliain 1532, tugtar ina chéile cuntais ar bheatha an naoimh agus ar na traidisiúin a bhain leis. De réir an tseanchais áitiúil, chónaigh Colmcille anseo ar feadh dhá bhliain sular fhág sé Éire lena mhainistir a bhunú ar Oileán Í.
Reáchtáiltear Turas Cholmcille idir an lá roimh an 9ú Meitheamh – féile an naoimh – agus an 15ú Lúnasa – féile na Deastógála, féile ollmhór i saol mhuintir na hÉireann. Déanann mórán daoine an turas níos mó ná uair amháin – déanann roinnt daoine a dhó nó a thrí de chuarta é sa chéad 24 uair an chloig.
Getting there...
Tá Gleann Cholm Cille suite in iarthar Dhún na nGall. Ó Bhaile Dhún na nGall, lean an N56 le dul chuig na Cealla Beaga. Ag na Cealla Beaga glac an R263 i dtreo Ghleann Cholm Cille. Tosaíonn Slí Cholmcille ag an teampall de chuid Eaglais na hÉireann atá suite i lár an ghleanna.
Tá léarscáileanna, treoirleabhair agus leabhráin ann ina dtugtar míniú ar na suíomhanna ar an turas. Tá achoimre ghairid le fáil anseo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Oideas Gael.
