3.5 Cill Mhic Réanáin

Is anseo, de réir an tseanchais, a chónaigh Colmcille lena athair altrama Cruithneachán. Tá dhá chuid leis an suíomh seo – tá an chuid ar thaobh na láimhe clé nasctha le Colmcille agus is suíomh teampaill de chuid Eaglais na hÉireann ón 19ú haois í an chuid ar thaobh na láimhe clé.

Bhí an suíomh mar chuid de bhealach oilithreachta meánaoiseach a naisc na suíomhanna siúd i nGartán a raibh baint acu le luathshaol Cholmcille.

Bhí sé de nós sa seanam go dtógtaí mic teaghlach uasal i dteaghlach altrama. Ba shagart é Cruithneachán agus bheadh is eisean a bheadh freagrach as oideachas reiligiúnda Cholmcille. Ach, bheadh sé freagrach chomh maith as scileanna fir uasail amhail aimsitheoireacht, marcaíocht agus snámh, a theagasc dó.

"Bhaist an sagart uasal Cruithneachán mac Ceallacháin é díreach i ndiaidh dó theacht ar an saol gur thug an t-ainm Crimthann air. Ba é Cruithneachán a thóg ar altramas é agus a d’oil é ina dhiaidh sin, de réir mar a d’ordaigh aingil Dé dó a dhéanamh. Is ionann ciall do Chrimthann sa Ghaeilge agus ‘duine cealgach’ nó ‘sionnach’ sa Laidin. Chonacthas do Dhia nár fheil an t-ainm seo do cháilíocht ná do dhea-thréithe an ghasúir naofa. Dá réir sin, chuir sé i gcroíthe agus in intinn na bpáistí a bhíodh ag súgradh agus ag spraoi leis Colmcille a thabhairt air. Nó, an amhlaidh a chuir sé a aingeal féin chucu á rá leo é sin a thabhairt air...

Agus an stócach óg faoi oiliúint i lonnaíocht mhainistreach Dhoire Eithne in aice láimhe, a dtugtar Cill Mhic Réanáin inniu air, ba é Colm [‘dove’] Cille [‘Church’] a thug na páistí air agus iad ag súgradh leis. Is mar sin a fuair Colmcille a ainm."

                                          Manus O’Donnell, Page 33.
Kilmacrenan, Gartan, Ireland. © Alan Sproull

De réir an traidisiúin, d'fhill Colmcille ar an suíomh seo le mainistir a bhunú am éigin sular fhág sé Doire le dul go hAlbain sa bhliain 563. Deirtear gur mhair an mhainistir seo go dtí 1129 tráth a rinneadh ruathar uirthi agus a dódh go talamh í.

Bhunaigh Mánus Ó Dónaill mainistir Phroinsiasach ar an suíomh ina dhiaidh sin sa bhliain 1537. An Dálach céanna a scríobh ‘Beatha Cholm Cille’ a críochnaíodh sa bhliain 1532. Is foinse é an cuntas seo ar shaol an naoimh agus ar na naisc iomadúla idir Colmcille agus an ceantar seo.

Deirtear gur ar an suíomh seo a oirníodh taoisigh áitiúla Chlann Uí Dhónaill. Bhí dhá chuid leis an searmanas – an chuid reiligiúnach anseo ag Cill Mhic Réanáin agus an searmanas sibhialta ag Carraig an Dúin.

Kilmacrenan Abbey © Monica McGettigan
 

Le Dul Ann

Ó Thobar an Dúin gabh ar ais chuig an bhóthar agus tiontaigh ar dheis le dul go Cill Mhic Réanáin. I lár Chill Mhic Réanáin, tiontaigh ar chlé ar an R249 i dtreo Ghort na Sceach. Tá an suíomh seo faoi achar gairid taobh amuigh den sráidbhaile ar thaobh na láimhe deise. Níl aon ionad páirceála ar leith ann.

Dá bhrí sin iarrtar ort, le do thoil, páirceáil go cúramach ag cuimhneamh ar úsáideoirí eile bóthair. Tá an suíomh suite ar chnocán íseal ar chúl tithe.


 
   
  • Colmcille Heritage Centre, Gartan Lough, Donegal, Ireland.
     

    3.1 Lárionad Oidhreachta Cholm Cille

    Tá Lárionad Oidhreachta Cholm Cille suite ar bhruach Loch Gartáin ar imeall Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. I dtaispeántais sa lárionad léirítear scéal luathbhlianta Cholm Cille i nGartán.

  • Leac na Cumha, Gartan, Donegal, Ireland.
     

    3.2 Leac na Cumha

    De réir béaloideasa is ag an leac seo a saolaíodh Colm Cille dá mháthair Eithne.

  • Churchtown, Gartan, Donegal, Ireland.
     

    3.3 Ráth Cnó

    Deirtear gur in Ráth Cnó a chónaigh muintir Cholm Cille. De réir an tseanchais thug siad uathu an talamh ina dhiaidh sin chun go dtógfaí lonnaíocht mhanachúil anseo.

  • Doon Fort and Holy Well, Gartan, Donegal, Ireland.
     

    3.4 Carraig an Dúin agus Tobar an Dúin

    Anall go dtí an 16ú haois, ba í Carraig an Dúin an láthair oirnithe a bhíodh ag taoisigh Chlann Uí Dhónaill.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    3.5 Cill Mhic Réanáin

    Is anseo, de réir an tseanchais, a chónaigh Colm Cille lena athair altrama Cruithneachán.

  • Temple Douglas, Donegal, Ireland.
     

    3.6 Tulach Dúghlaise

    Láthair mhanachúil ársa ab ea é Teampall Dúghlaise a bhíodh suite ar an bhóthar as Leitir Ceanainn agus, dá réir sin, ar an phríomhbhealach ag taistealaithe a bhí ag dul tríd an cheantar.