Gartán, Dún nGall.
Tá trí loch i lár Chontae Dhún na nGall – Loch na Caillí, Loch Mhic Ciabáin agus Loch Gartáin. De réir an tseanchais, gar do Loch Gartáin a rugadh, a tógadh agus a fuair Colmcille a chuid scolaíochta.
A bhuí le ‘Beatha Cholm Cille’ le Mánús Ó Dónaill go bunúsach, a tháinig na naisc idir Colmcille agus Gartán chun solais. Críochnaíodh an leabhar sa bhliain 1532, beagnach 1000 bliain i ndiaidh bhás an naoimh.
Bhí bealach oilithreachta meánaoiseach ann a naisc roinnt áiteanna i gceantar Ghartáin lena chéile a raibh baint acu le luathshaol Cholmcille. Tá cuid mhaith de na stadanna ar Shlí Cholmcille sa cheantar seo mar chuid den oilithreacht sin.
Mar gheall ar leabhar Gaeilge Mhánuis Uí Dhónaill a bhfuil 100,000 focal ann, tugadh le chéile in aon áit amháin na traidisiúin agus na scéalta atá ann faoi Cholmcille. Tugann sé na cuntais is mionsonraithe atá ann faoi bhreith agus faoi luathshaol Cholmcille ach is beag fianaise stairiúil atá taobh thiar de chuid mhaith den ábhar.
I dtaca le beathaisnéisí Cholmcille, Adhamhnán, a bhí ag scríobh 100 bliain i ndiaidh bhás Cholmcille, is beag tagairt dáiríre a dhéanann sé do luathshaol Cholmcille:-
‘ba de shliocht uasal a shíolraigh Naomh Colmcille.
Feidhlimidh mac Fearghusa b’athair dó.
Eithne ba mháthair dó,
ar féidir “mac loinge” a thabhairt ar a hathair sa Laidin,
agus ‘Mac-naue’ sa Ghaeilge.’
Le Dul Ann...
Tá Gartán suite siar ó Leitir Ceanainn ar an R250 agus tú ar do bhealach go Baile an Mhuilinn. Is féidir tiomáint ann go furasta ó Dhoire.