Eaglais na hÉireann ag comóradh Cholmcille

June 4th 2018

I Mí Mheithimh gach bliain, déanann Eaglais na hÉireann Féile Cholmcille a chomóradh le seirbhís faoin spéir i nGartán, áit breithe Cholmcille. Tosóidh an tseirbhís ag 3 i.n. Dé Domhnaigh an 10 Meitheamh 2019 ag an eaglais mheánaoiseach i Ráth Cnó, Gartán. Baineann an tseirbhís le Deoise Dhoire agus Ráth Bhotha.

Beidh fáilte roimh chách, beidh banna práis ag seinm ann, agus beidh sóláistí ar fáil i ndiaidh na seirbhíse.

Ráth Cnó, Gartán