9.11 Cill Bharra, Barra

Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra. Meastar gur úsáideadh an suíomh le haghaidh adhradh Críostaí ó na 600í anall tráth a raibh teampall anseo a bhí tiomnaithe do Naomh Barra – is cosúil gur Naomh Fionnbharr as Corcaigh atá i gceist anseo.

Tá codanna de bhallaí thuaidh agus theas Chill Bharra fós ina seasamh. Féadann tú iarsmaí an bhundorais a fheiceáil sa bhalla thuaidh. Taobh leis tá balla séipéil eile ina fhothrach a dhátaíonn ó na 1400í anall.

Kilbar church Barra © Alan Sproull

Is cosúil gur tógadh an Teampall Thuaidh san 16ú haois agus é an t-aon fhoirgneamh atá fágtha ar an suíomh a bhfuil díon fós air. Taobh istigh, tá macasamhail Chloch Chill Bharra ann a dhátaíonn ó am éigin idir 900 agus 1100.

Ar thaobh amháin tá cros Chríostaí. Ar a cúl tá inscríbhinn i rúnscríbhinní Nordacha ó bun go barr ar thrí líne. Seo leanas mar atá na rúnscríbhinní tras-scríofa:-

...(t)ir·þ:ur·kirþu:s(t)in(a)r ...r·is·kurs:sia(:)rstr ...(k)a

as a ndéantar an abairt:-

...eftir Þorgerðu Steinar's dóttur es kors sjá reistr

a aistrítear mar:-

'I gcuimhne ar Þorgerðr Steinarsdóttir a thógtar an chros’ nó ‘Togadh an chros seo i gcuimhne ar Thorgerth, iníon Steinar’.

Ba iad rúnscríbhinní, ogham agus laidin na trí script scríofa a úsáideadh sa tréimhse seo. Tháinig na rúnscríbhinní ó Chríoch Lochlann. Bhí ogham in úsáid ag na Gaeil, na na Cruithnigh agus na hAlbanaigh – tá inscríbhinn oghaim le fáil ag an dún Cruithneach in Dunadd. Ba í an Laidin teanga na Críostaíochta agus leath sí leis an chreideamh. Ach, ní raibh léamh ná scríobh ag bunús na ndaoine.

Tá an chros snoite as cloch áitiúil agus tá sí 1.36 m ar airde. Tá an chloch neamhghnáth sa mhéid is go bhfuil meascán de shiombailí Críostaí agus Nordacha uirthi. Thángthas ar chloch Chill Bharra anseo ach tá an bunchloch anois i Músaem Náisiúnta Alban

Sa Teampall Thuaidh tá ceithre leac uaighe de chuid thaoisigh Mhic Néill. Fir as Oileán Í agus Oronsay a shnoigh na clocha seo agus tá siad cosúil ó thaobh stíle de leo siúd atá le fáil feadh cósta thiar Alban.

Agus é ag scríobh in 1703 ina ‘Description of the Western Isles’ deir Martin Martin,

‘The natives have St. Barr’s wooden image standing on the altar, covered with linen in form of a shirt; all their greatest asseverations are by this saint. I came very early in the morning with an intention to see this image, but was disappointed; for the natives prevented me by carrying it away, lest I might take occasion to ridicule their superstition, as some Protestants have done formerly; and when I was gone it was again exposed on the altar.

Tá scéal sa traidisiún áitiúil a deir gur duine de lucht leanúna Cholmcille é Fionnbharr a tháinig go Barra le muintir an oileáin a thabhairt chun creidimh. Loisceadh agus itheadh misinéir roimhe ach d’éirigh le Fionnbharr an Chríostaíocht a thabhairt go Barra. Nuair a tháinig an t-am dó an t-oileán a fhágáil, ghuigh Naomh Fionnbharr ar son mhuintir an oileáin agus ar imeacht dó cuireadh suas dealbh de. In 1625, luann an tAthair Cornelius Mac a’ Bhaird go bhfaca sé dealbh Naomh Fionnbharr sa teampall ag Cill Bharra. Riamh anall go dtí lár an 19ú haois ba ghnách le muintir an oileáin féile an naoimh a cheiliúradh le lá saoire ón obair, rásaíocht chapaill agus cluichí camánachta. Faoi lár an 20ú haois, ba ghnách le daoine fós a raibh cairde nó gaolta leo curtha ag Cill Bharra féile an naoimh a chomóradh trí lá scíthe a ghlacadh.

 

Le Dul Ann

Le dul go hOileán Bharra glactar bád fartha ó Coilleag in Eriskay.

Ó Thobha Mor (Howmore) tugtar d’aghaidh ar ais chuig an A865. Ag Daliburgh glactar an gabhal deas chuig an B888 mar a bhfuil Eriskay ar an chuaille eolais.

Tiomáin ó dheas go Ludag, ansin trasna an chabhsa go hOileán Eiriskay. Imíonn báid fartha ó Coilleag. Maireann an turas thart ar 40 bomaite. Le haghaidh amchlár fartha agus eolas áirithinte tugtar cuairt anseo.

Ar Oileán Bharra, glactar an chéad chasadh ar dheis i dtreo an aerfoirt (an t-aon rúidbhealach trá san Eoraip). Gabhtar thart leis an aerfort ar thaobh na láimhe deise, tiomáin thart le Eoligary agus timpeall an cheann tíre. Tá Cill Bharra ar thaobh do láimhe clé. Tá páirceáil ann os comhair an teampaill.

tuilleadh eolais...


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.1 Eaglais Chaluim Chille, Leòdhas

    Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a ainmníodh as Naomh Colm Cille – ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.2 Teampall Mholuaidh, Eòropaidh, Leòdhas

    Tá bailecheantar Eoropie suite ar rinn thiar-thuaidh Leódhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Ghall Amuigh.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.3 Teampall Eoin, Bragar, Leòdhas

    Tugtar d’aghaidh siar ó Bragar, bailecheantar crochtóireachta, le teacht ar Theampull Eoin – Eoin Baiste - an teampall meánaoiseach ar cheann tíre beag in aice leis an trá.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.4 Leithinis Uig

    Is éard a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid is nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leòdhas

    Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Erisort agus luíonn sé amach chuig an An Cuan Sgìth.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.6 An Teampall an Taobh Tuath

    Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Harris i dtreo Uist. Tá sé suite ar cheann tíre beag - Rubh’ an Teampull – ag bun chnoc Ceapabhal.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.7 Tùr Mòr Chliamainn, Na Hearadh

    Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Ghall Amuigh. As measc na dteampall uilig ar na hoileáin, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.8 Teampull na Trianaid, Uibhist a Tuath

    Tá Teampull na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Carinish. Tá radharcanna siar i dtreo oileáin ísil Baleshare.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.9 Cladh Mhuire agus Teampull Mhuire, Beinn na Fadhla

    Tá an teampall meánaoiseach faoi fothrach seo suite i reilig atá fós in úsáid. Bhí an teampall dronuilleogach agus is cinnte go raibh díon claonta aige. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.10 Hóghmor, Uibhist a Deas

    Tá bailecheantar Tobha Mor - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá a fhoirmíonn cuid mhaith de thaobh iartharach an oileáin.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.11 Cill Bharra, Barra

    Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra.