9.10 Hóghmor, Uibhist a Deas

Tá baile Thobha Mor - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá atá ar chuid mhór de imeall an oileáin.

Istigh i measc na dtithe ceann tuí i dTobha Mor tá fothrach teampaill agus ceithre shéipéal. Agus é ag scríobh sa bhliain 1703 in ‘A Description of the Western Isles of Scotland’ luann Martin Martin go raibh teampall acu seo tiomnaithe do Cholmcille agus teampall eile do Naomh Muire. Thángthas ar leac ar an suíomh seo ina raibh cros ghreanta, a léiríonn gur féidir go raibh adhradh Críostaí anseo sa 9ú haois.

Sa lá atá inniu ann is é balla thoir Theampall Mòr Naomh Muire, a tógadh sna 1200í mar an teampall paróiste áitiúil, an fothrach is mó atá fágtha. Tá dhá fhuinneog ón teampall bunaidh sa bhalla. Agus tú ag amharc siar tig leat an suíomh a bhíodh ag an teampall a fheiceáil – thart ar 20 méadar ar fhad.

Ar chúl bhalla Theampall Mòr tá reilig ann a bhfuil balla cloiche ón 19ú haois thart uirthi. Taobh istigh den limistéar faoi bhallaí tá balla séipéil eile atá ina bhallóg - Caibeal Dhairmaid. Is cosúil go raibh sé 5.7 méadar ar leithead agus 17 méadar ar fhad.

I gcoirnéal thall na reilige tá Caibeal (Séipéal) Chlann 'ic Ailein ó 1574. Sheas cloch Chlann Raghnaill i gcuimhne ar Iain Mùideartach – Taoiseach Chlainn Raghnaill sa 16ú haois dhéanach – sa séipéal tráth ach anois tá sí i Músaem Chill Donnain díreach ó thuaidh ar Daliburg ar an A865 roimh an chasadh go Loch Baghasdal.

Howmore © Alan Sproull

Ar an taobh theas de Theampall Mòr tá iarsmaí Chaibeal Dubhghaill.

Amhail cuid mhaith ceantar cósta ar an chuid seo de Shlí Cholmcille, tháinig athrú ollmhór ar an tírdhreach le himeacht aimsire. Nuair a tógadh Teampall Mor, is cosúil go raibh talamh riascach thart air amhail is gur oileán a bhí ann.

Agus é ag scríobh sa bhliain 1703 cuireann Martin Martin síos ar an teanga bhí á labhairt anseo:-

‘The Natives speak the Irish tongue (Gaelic) more perfectly here than in most of the other Islands; partly because of the remoteness, and the small number of them that speak English, and partly because some of ‘em are Scholars and vers’d in the Irish language’

Cad é eile?

Is brú óige anois é ceann de na tithe ceann tuí i dTobha Mor.

 

Le Dul Ann

Ó Bheinn Bhaoghla tabhair d’aghaidh ó dheas ar an A865 ag trasnú de chabhsa chuig Uibhist a Deas. Lean ort ar feadh 7.5 mhíle ó dheas ó Ard Mór. Glac casadh ar dheis isteach i dTobha Mor (Howmore). Lean an bóthar trí na tithe go dtí go mbeidh tú in ann an fothrach a fheiceáil ar thaobh na láimhe deise.

tuilleadh eolais...


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.1 Eaglais Chaluim Chille, Leòdhas

    Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a ainmníodh as Naomh Colm Cille – ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.2 Teampall Mholuaidh, Eòropaidh, Leòdhas

    Tá bailecheantar Eoropie suite ar rinn thiar-thuaidh Leódhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Ghall Amuigh.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.3 Teampall Eoin, Bragar, Leòdhas

    Tugtar d’aghaidh siar ó Bragar, bailecheantar crochtóireachta, le teacht ar Theampull Eoin – Eoin Baiste - an teampall meánaoiseach ar cheann tíre beag in aice leis an trá.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.4 Leithinis Uig

    Is éard a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid is nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leòdhas

    Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Erisort agus luíonn sé amach chuig an An Cuan Sgìth.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.6 An Teampall an Taobh Tuath

    Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Harris i dtreo Uist. Tá sé suite ar cheann tíre beag - Rubh’ an Teampull – ag bun chnoc Ceapabhal.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.7 Tùr Mòr Chliamainn, Na Hearadh

    Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Ghall Amuigh. As measc na dteampall uilig ar na hoileáin, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.8 Teampull na Trianaid, Uibhist a Tuath

    Tá Teampull na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Carinish. Tá radharcanna siar i dtreo oileáin ísil Baleshare.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.9 Cladh Mhuire agus Teampull Mhuire, Beinn na Fadhla

    Tá an teampall meánaoiseach faoi fothrach seo suite i reilig atá fós in úsáid. Bhí an teampall dronuilleogach agus is cinnte go raibh díon claonta aige. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.10 Hóghmor, Uibhist a Deas

    Tá bailecheantar Tobha Mor - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá a fhoirmíonn cuid mhaith de thaobh iartharach an oileáin.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.11 Cill Bharra, Barra

    Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra.