9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leódhas

Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Èireasoirt ar an bhealach amach chuig an An Cuan Sgìth atá idir Leòdhas agus tír mór na hAlba

Loch Erisort © Cat

Is cosúil go ndátaíonn iarsmaí an teampaill ón 12 haois. Is de mhóin nó d’adhmad a dhéantaí aon teampall níos luaithe ná sin agus, dá bhrí sin, ní bheadh aon iarsmaí ann. Tá seandálaithe i ndiaidh teacht ar iarmsaí réamh-Chríostaí, Críostaí agus Lochlannacha anseo.

Bhí an teampall tiomnaithe do Cholmcille – agus is uaidh a fuair an t-oileán a ainm. I scéalta áitiúla maítear go mbíodh mainistir agus teach sagairt ar an oileán. Sa bhliain 1549, thug Sir Donald Munro cuairt ar an oileán agus dúirt go bhfaca sé úllord ann. I ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar Inse Gall sa 17ú haois dhéanach, luann Martin Martin teampall ar oileán Cholmcille.

Bhí cruth dronuilleogach ar an teampall ach is féidir go raibh foirgnimh eile in aice láimhe. Tugtar Crois Eilean ar limistéar an an taobh thoir den oileán agus is féidir gur imeall limistéir faoi chosaint an teampaill a bhí i gceist leis seo.

Úsáideadh an reilig go dtí an 19ú haois do Pharóiste iomlán na Lochanna. Scríobh John Sands cuntas ar an oileán in 1876 ina leabhar ‘Out of the World’ nó ‘Life of St. Kilda’

‘Captain M’Donald took me in his gig to see a churchyard situated on an island called St Colm. It is quite close to the water, and is about sixty feet square...Although there seems to be plenty of suitable ground outside, the people persist in interring the dead within the ancient limits. Nay, not interring but piling the coffins one on top of the other, until they have risen to the height of ten feet above the surface. The coffins are not even covered with earth, but are only wrapped in turf.’

Ar an mhórthír ag Crò Mòr , Lios an Teampuill nó Garraí an Teampaill a thugtaí go háitiúil ar cheann de na crochtaí. Agus tá roinnt scéalta sa cheantar gur chónaigh sagart de chuid Cholmcille anseo ar an mhórthír.

 

Le Dul Ann

Is oileán taoide é Eilean Chaluim Chille agus is féidir dul ann de chois ó Chrò Beag má bhíonn sé ina thrá. Is taoide mhear í seo agus moltar duit dul i gcomhairle le bunadh na háite faoi thrasnú agus faoi cá fhad a thig leat a bheith ar an oileán. Cuir ceist ag Rubha an Fhithich nó Ravenspoint in Ceirsiadar.

Ó Mhealasta gabh siar an bealach a tháinig tú chuig an B8011 ag Timsgearraidh, agus gabh arís ar an A858 ag Gearraidh na h-Aibhne. Cas ar dheis ag Achadh Mòr cas ar dheis agus go gairid ina dhiaidh sin cas ar dheis arís isteach ar an A859. Tiomáin isteach i mBaile Ailein, ansin cas ar chlé isteach ar an B8060 iagus lean ar aghaidh go Cearsiadair. Tiomáin feadh imeall theas Loch Èireasoirt, cas ar chlé i ndiaidh an chasaidh go Cabharstadh. Lean an bóthar go Crò Mòr, agus cas ar chlé i dtreo Chrò Beag.

Páirceáil ag ceann an bhóthair tarmac agus lean de chois feadh t bóthair nár críochnaíodh riamh. Ag an teach, coinnigh ar dheis i dtreo na seanché, áit a mbeidh tú in ann trasnú. Tá na hiarsmaí ag ceann thiar theas an oileáin.

tuilleadh eolais...


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.1 Eaglais Chaluim Chille, Leòdhas

    Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a ainmníodh as Naomh Colm Cille – ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.2 Teampall Mholuaidh, Eòropaidh, Leòdhas

    Tá bailecheantar Eoropie suite ar rinn thiar-thuaidh Leódhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Ghall Amuigh.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.3 Teampall Eoin, Bragar, Leòdhas

    Tugtar d’aghaidh siar ó Bragar, bailecheantar crochtóireachta, le teacht ar Theampull Eoin – Eoin Baiste - an teampall meánaoiseach ar cheann tíre beag in aice leis an trá.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.4 Leithinis Uig

    Is éard a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid is nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leòdhas

    Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Erisort agus luíonn sé amach chuig an An Cuan Sgìth.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.6 An Teampall an Taobh Tuath

    Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Harris i dtreo Uist. Tá sé suite ar cheann tíre beag - Rubh’ an Teampull – ag bun chnoc Ceapabhal.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.7 Tùr Mòr Chliamainn, Na Hearadh

    Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Ghall Amuigh. As measc na dteampall uilig ar na hoileáin, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.8 Teampull na Trianaid, Uibhist a Tuath

    Tá Teampull na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Carinish. Tá radharcanna siar i dtreo oileáin ísil Baleshare.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.9 Cladh Mhuire agus Teampull Mhuire, Beinn na Fadhla

    Tá an teampall meánaoiseach faoi fothrach seo suite i reilig atá fós in úsáid. Bhí an teampall dronuilleogach agus is cinnte go raibh díon claonta aige. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.10 Hóghmor, Uibhist a Deas

    Tá bailecheantar Tobha Mor - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá a fhoirmíonn cuid mhaith de thaobh iartharach an oileáin.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.11 Cill Bharra, Barra

    Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra.