9.4 Leithinis Uig

Taigh a’Bheannaich, Ceann Ghalláin, Aird, Uig

Is é a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe’ nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith. Murab ionann agus na suíomhanna eile ar an tslí seo, tá an séipéal suite go hard ar aill in áit a bheith gar do thrá nó a bheith inrochtana go díreach ó bhád.

Gallan head © Calum Swanson

Tá Taigh a’ Bheannaich go fóill timpeallaithe le hiarsmaí balla agus tá iarsmaí 5 chill mhanachúla bheaga in aice láimhe – tháinig seandálaithe ar rian 13 chill eile ar an suíomh seo chomh maith.

Tá ballaí an tséipéil corradh beag le 1 mhéadar ar airde. Taobh istigh tá an séipéal 5.5 mhéadar le 3.3 mhéadar.

Clochar agus fothrach bhailecheantar crochtóireachta Mealesta

Tá fothrach bhaile crochtóireachta Mealesta ann ón 17ú haois bíodh gur chónaigh daoine ansin ar feadh na céadta bliain roimhe sin.

De réir sheanchas na háite ba é seo an suíomh a bhíodh ag clochar ar a dtugtaí Taigh nan Cailleachan Dubha –Teach na mBan Dubh nó na mBan Rialta. Tá fothrach luath-theampaill agus reilige gar don fharraige

Mealista aerial photograph © RCAHMS

Bhí Mealesta an-chosúil le cuid mhaith bailte crochtóireachta sna hoileáin seo agus níor athraigh siad thar na céadta bliain. Bhí na daoine beo ar acmhainní na talún agus na farraige. Mar ábhar tine, d’úsáid siad móin ó na portaigh a bhain siad sa samhradh agus a thriomaigh siad sa ghaoth. Chuir siad barra sa mhachair ar chúl na trá. Bhí siad beo ar an iarscaireacht chomh maith.

Tagann an t-ainm Mealesta – chomh maith le hainmneacha eile sa cheantar – ón Lochlainnis a léiríonn ruathair agus lonnaíochtaí Lochlannacha anseo.

Bánaíodh an bailecheantar le haghaidh feirmeoireacht chaorach sa bhliain 1838 agus bhog bunadh na háite chuig Nis i dtuaisceart Leòdhais nó chuaigh siad ar imirce go Ceanada agus chun na hAstráile.

Tá iarsmaí an stáisúin radair ón Dara Cogadh Domhanda a bhí anseo idir 1941 – 1946 le feiceáil go fóill.

beautiful uig bay © Alistair McCallum

Cá háit eile?

Is fiú cuairt a thabhairt ar leithinis Uig ní hamháin ar mhaithe leis na suíomhanna a bhaineann leis an luath-Chríostaíocht ach ar mhaithe leis na tránna fíoráille ag Ùig agus Mangarstadh.

Fir-tàileisg Leòdhais - Thángthas ar nithe ar thrá Uig. Tá tuilleadh eolais faoi Fir-tàileisg Leòdhais agus stair thrá Uig anseo.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin stair áitiúil, gabh chuig suíomh idirlín Comunn Eachdraidh Uig.

 

Le Dul Ann

Taigh a’Bheannaich, An Ghalláin, Àird, Ùig: Tiomáin ó dheas ar an A858, thart le Càrlabhagh agus Calanais. Ag Gearraidh na h-Aibhne glac casadh ar dheis isteach ar an B8011. Ag Timsgearraidh tiontaigh ar dheis i dtreo Aird.

Gabh trí Aird agus páirceáil gar do Thaigh Òsta an Ghallain Ùigigh i lár seanbhunáite de chuid an RAF. Tá siúlóid gharbh 600 méadar thar an cheann tíre romhat leis an séipéal a bhaint amach.

Maelesta: Ó Àird Ùig gabh siar ar do bhealach go Timsgearraidh. Coinnigh ar bhóthar an chósta thart le hÙig agus Mangarstadh go dtí sean-bhailecheantar Mealasta.

tuilleadh eolais...


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.1 Eaglais Chaluim Chille, Leòdhas

    Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a ainmníodh as Naomh Colm Cille – ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.2 Teampall Mholuaidh, Eòropaidh, Leòdhas

    Tá bailecheantar Eoropie suite ar rinn thiar-thuaidh Leódhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Ghall Amuigh.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.3 Teampall Eoin, Bragar, Leòdhas

    Tugtar d’aghaidh siar ó Bragar, bailecheantar crochtóireachta, le teacht ar Theampull Eoin – Eoin Baiste - an teampall meánaoiseach ar cheann tíre beag in aice leis an trá.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.4 Leithinis Uig

    Is éard a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid is nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leòdhas

    Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Erisort agus luíonn sé amach chuig an An Cuan Sgìth.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.6 An Teampall an Taobh Tuath

    Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Harris i dtreo Uist. Tá sé suite ar cheann tíre beag - Rubh’ an Teampull – ag bun chnoc Ceapabhal.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.7 Tùr Mòr Chliamainn, Na Hearadh

    Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Ghall Amuigh. As measc na dteampall uilig ar na hoileáin, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.8 Teampull na Trianaid, Uibhist a Tuath

    Tá Teampull na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Carinish. Tá radharcanna siar i dtreo oileáin ísil Baleshare.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.9 Cladh Mhuire agus Teampull Mhuire, Beinn na Fadhla

    Tá an teampall meánaoiseach faoi fothrach seo suite i reilig atá fós in úsáid. Bhí an teampall dronuilleogach agus is cinnte go raibh díon claonta aige. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.10 Hóghmor, Uibhist a Deas

    Tá bailecheantar Tobha Mor - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá a fhoirmíonn cuid mhaith de thaobh iartharach an oileáin.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.11 Cill Bharra, Barra

    Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra.