9.2 Teampall Mholuidh, Eoropie, Leòdhas

Tá Eòropaidh suite ar rinn thiar thuaidh Leòdhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Gall Amuigh .

Chapel of Eoropie © Alan Sproull

Tá an teampall athchóirithe seo tiomnaithe do Mholuadh. Ar dhá thaobh an teampaill tá dhá shéipéal bheaga ar an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas, a chruthaíonn imlíne T-cruthach.

Ní fios cén dáta a tógadh an teampall. Tá an plean cosúil le teampall atá ina fhothrach ag Gardar sa Ghraonlainn a tógadh sa 12ú haois agus ar cuireadh leis sa 13ú haois. Tá roinnt teampall tiomnaithe do Mholuadh in Éirinn agus in iarthar Alban ón tréimhse seo chomh maith. Tá scéalta ann gur thug Naomh Moluadh cuairt ar an suíomh seo sa 6ú haois ach níl aon fhianaise dhoiciméadach ann ina leith seo. De réir scéilis mac rí as Críoch Lochlann a thóg an chéad teampall anseo.

Ba ghnách le hoilithrigh cuairt a thabhairt ar an teampall ar lorg leigheasanna ar an ghealtacht agus ar chneácha. I dtaca le daoine a raibh an ghealtacht ag cur as dóibh tugadh uisce dóibh ón tobar in aice láimhe a bhí tiomnaithe do Naomh Rónán agus ceanglaíodh den altóir iad i ndúil go mbeadh siad slánchéillí ar maidin. I dtaca le daoine a raibh leigheas ar chneácha á lorg acu agus nach raibh ábalta cuairt a thabhairt ar an teampall scríobhadh sa bhliain 1630 go seoladh siad leagan adhmaid dá mball coirp chuig an teampall lena chur ar an altóir.

Agus Martin Martin ag scríobh ina ‘Description of the Western Isles’ sa 17ú haois dhéanach cuireann sé síos ar sheantraidisiún áitiúil eile:-

They were in greater veneration in those days than now: it was the constant practice of the natives to kneel at first sight of the Church, though at a great distance from them, and then they said their Paternoster. John Morison of Bragir told me that when he was a boy, and going to the Church of St. Malvay, he observed the natives to kneel and repeat the Paternoster at four miles distance from the church.

The inhabitants of this island had an ancient custom to sacrifice to a sea-god called Shony, at Hallow-tide, in the manner following: The inhabitants round the island came to the Church of St. Malvay, having each man his provision along with him; every family furnished a peck of malt, and this was brewed into ale; one of their number was picked out to wade into the sea up to the middle, and carrying a cup of ale in his hand, standing still in that posture, cried out with a loud voice saying, "Shony, I give you this cup of ale, hoping that you’ll be so kind as to send us plenty of sea-ware for enriching our ground for the ensuing year"; and so threw the cup of ale into the sea. This was performed in the night time. At his return to land they all went to church, where there was a candle burning upon the altar; and then standing silent for a little time, one of them gave a signal, at which the candle was put out, and immediately all of them went to the fields, where they fell a-drinking their ale, and spent the remainder of the night in dancing and singing, &c.

The next morning they all returned home, being well satisfied that they had punctually observed this solemn anniversary, which they believed to be a powerful means to procure a plentiful crop. Mr. Daniel and Mr. Kenneth Morison, ministers in Lewis, told me they spent several years before they could persuade the vulgar natives to abandon this ridiculous piece of superstition; which is quite abolished for these 32 years past.

The museum at the in Ness has a stone cross connected with St Ronan and a stone reputed to have come from Iona.

Sa mhúsaem ag an Comunn Eachdraidh tá cros chloiche a bhfuil baint aici le Naomh Rónán agus cloch a mhaítear gur tháinig sí as Oileán Í.

Cá háit eile?

I ndiaidh duit cuairt a thabhairt ar an teampall, is fiú d’aghaidh a thabhairt míle níos faide ó thuaidh chuig teach solais Cheann Leódhais. Clann Stevenson, a thóg tithe solais i gcuid de na farraigí is fealltaí sa Bhreatain Mhór, a thóg é.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar stair Nis ar shuíomh gréasáin Comunn Eachdraidh Nis.

 

Le Dul Ann

Tabhair d’aghaidh ó thuaidh ó Steòrnabhagh ar an A857 chomh fada le Lional. Glac casadh ar chlé ar an B8013 i dtreo Eòropaidh. Agus tú ag dul isteach i mbailecheantar Nis, téann an bóthar timpeall soir agus ansin ó dheas arís. Díreach i ndiaidh duit an coradh seo a chur díot, feicfidh tú an teampall ar chúl tithe ar thaobh do láimhe clé. Tá cosán féir taobh le teach suas chuig an teampall.

Is minic an cosán fliuch. Dá bhrí sin, moltar coisbheart uiscedhíonach a chaitheamh.

tuilleadh eolais...


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.1 Eaglais Chaluim Chille, Leòdhas

    Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a ainmníodh as Naomh Colm Cille – ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.2 Teampall Mholuaidh, Eòropaidh, Leòdhas

    Tá bailecheantar Eoropie suite ar rinn thiar-thuaidh Leódhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Ghall Amuigh.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.3 Teampall Eoin, Bragar, Leòdhas

    Tugtar d’aghaidh siar ó Bragar, bailecheantar crochtóireachta, le teacht ar Theampull Eoin – Eoin Baiste - an teampall meánaoiseach ar cheann tíre beag in aice leis an trá.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.4 Leithinis Uig

    Is éard a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid is nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leòdhas

    Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Erisort agus luíonn sé amach chuig an An Cuan Sgìth.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.6 An Teampall an Taobh Tuath

    Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Harris i dtreo Uist. Tá sé suite ar cheann tíre beag - Rubh’ an Teampull – ag bun chnoc Ceapabhal.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.7 Tùr Mòr Chliamainn, Na Hearadh

    Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Ghall Amuigh. As measc na dteampall uilig ar na hoileáin, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.8 Teampull na Trianaid, Uibhist a Tuath

    Tá Teampull na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Carinish. Tá radharcanna siar i dtreo oileáin ísil Baleshare.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.9 Cladh Mhuire agus Teampull Mhuire, Beinn na Fadhla

    Tá an teampall meánaoiseach faoi fothrach seo suite i reilig atá fós in úsáid. Bhí an teampall dronuilleogach agus is cinnte go raibh díon claonta aige. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.10 Hóghmor, Uibhist a Deas

    Tá bailecheantar Tobha Mor - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá a fhoirmíonn cuid mhaith de thaobh iartharach an oileáin.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.11 Cill Bharra, Barra

    Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra.