9.1 Eaglais Chaluim Chille, Leódhas

Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a tiomnaíodh do Cholmcille – agus ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois.

Chapel of Eye © Alan Sproull

Ba í Eaglais Chaluim Chille an phríomheaglais ar Leòdhas sna meánaoiseanna. Ba iad na Leòdaich – Clann MhicLeòid a thóg í agus a thiomnaigh do Cholmcille í. Is féidir go bhfuil sí tábhachtach toisc go bhfuil sí suite ag ceann cuinge caoile – is minic bhí lonnaíochtaí tábhachtacha ina leithéid seo de shuíomh go háirithe in aimsir na Lochlannach. Tagann an focal Eye ón fhocal Eið sa tsean-Ioruais a chiallaíonn muineál caol talún – nó cuing.

Bhí cruth dronnuilleogach ar an eaglais agus bhíodh reilig aici ar an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas araon. Níl fágtha anois, mar gheall ar chreimeadh cósta, ach an reilig ar an taobh ó dheas.

Úsáideadh Eaglais Chaluim Chille mar reilig do chlann MhicLeòid Leòdhais. Tá dhá leac uaighe i bhfothrach na heaglaise – ceann de Ruairidh MacLeòid, 7ú Taoiseach Leódhais, a fuair bás sa bhliain 1498, agus an ceann eile dá iníon Mairead NicFhionghuin a fuair bás sa bhliain 1503. Léirítear Roderick mar laoch faoi chathéide agus tá claíomh agus sleá aige.

Tá roinnt ainmneacha ar an eaglais – Séipéal Uí * nó *Eye, Eaglais Chaluim Chille, Aignis; sean-Kirk Eye; Eaglais Aignis agus sa Ghaeilge Eaglais na hAoidh a chiallaíonn Eaglais EyeEaglaise na Cuinge.

interior Chapel of Eye © Alan Sproull
 

Le Dul Ann

Ó Stornoway tiomáin soir ar an A866 i dtreo Leithinis Eye. Tá an eaglais agus an carrchlós ar chlé agus tú ag teacht chuig ceann thoir an chabhsa idir Branahuie agus Aignish. Páirceáil ansin agus siúil an 20 méadar chuig fothrach na heaglaise.

Ní cheadaítear dul isteach san eaglais.

tuilleadh eolais...


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.1 Eaglais Chaluim Chille, Leòdhas

    Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a ainmníodh as Naomh Colm Cille – ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.2 Teampall Mholuaidh, Eòropaidh, Leòdhas

    Tá bailecheantar Eoropie suite ar rinn thiar-thuaidh Leódhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Ghall Amuigh.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.3 Teampall Eoin, Bragar, Leòdhas

    Tugtar d’aghaidh siar ó Bragar, bailecheantar crochtóireachta, le teacht ar Theampull Eoin – Eoin Baiste - an teampall meánaoiseach ar cheann tíre beag in aice leis an trá.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.4 Leithinis Uig

    Is éard a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid is nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leòdhas

    Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Erisort agus luíonn sé amach chuig an An Cuan Sgìth.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.6 An Teampall an Taobh Tuath

    Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Harris i dtreo Uist. Tá sé suite ar cheann tíre beag - Rubh’ an Teampull – ag bun chnoc Ceapabhal.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.7 Tùr Mòr Chliamainn, Na Hearadh

    Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Ghall Amuigh. As measc na dteampall uilig ar na hoileáin, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.8 Teampull na Trianaid, Uibhist a Tuath

    Tá Teampull na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Carinish. Tá radharcanna siar i dtreo oileáin ísil Baleshare.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.9 Cladh Mhuire agus Teampull Mhuire, Beinn na Fadhla

    Tá an teampall meánaoiseach faoi fothrach seo suite i reilig atá fós in úsáid. Bhí an teampall dronuilleogach agus is cinnte go raibh díon claonta aige. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.10 Hóghmor, Uibhist a Deas

    Tá bailecheantar Tobha Mor - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá a fhoirmíonn cuid mhaith de thaobh iartharach an oileáin.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    9.11 Cill Bharra, Barra

    Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra.