Inse Gall Amuigh
In Inse Gall Amuigh tugann Slí Cholmcille thú ó aillte fiáine Leòdhais thuaidh go dtí tránna na sliogán bán ar Oileán Bharraigh.
Agus tú ag taisteal ó dheas, téann tú thart le bailecheantair chrochtóireachta, caorán oscailte, tránna ollmhóra folmha agus cnoic gharbha. Téann tú ó oileán go hoileán de bhád fartha agus de chabhsa, ag dul siar ar mhodhanna maireachtála ársa sa suíomh fiáin álainn seo.
Tá iarsmaí na gcleachtas crábhaidh Críostaí agus an chreidimh Chríostaí ina luí scaipthe feadh imeallbhoird na n-oileán seo. Meabhraíonn siad dúinn go raibh ceangal riamh idir bunadh na gceantar seo agus an fharraige – ainneoinn na ngaoth ard agus na stoirmeacha garbha a bhíonn i réim anseo sa gheimhreadh. Lá ciúin, áfach, níl a shárú le fáil i dtaca le suaimhneas de.
Tá an Gaeilge mar dhlúthchuid de ghnáthshaol na n-oileán agus riamh anall bhí an teanga seo agus a ceol á roinnt ag na pobail anseo. Leis na céadta bliain, bhí an chumarsáid idir na hoileáin agus idir na hoileáin agus Éirinn lán chomh tábhachtach leis an chumarsaid le tír mór de réir mar a naisc trádáil, filíocht, amhráin, polaitíocht agus muintearas bunadh na n-oileán lena chéile.
Le Dul Ann
Tosaíonn Slí Cholmcille achar gairid taobh amuigh de Steòrnabhagh ar Eilean Leòdhais. Tá seirbhís fartha rialta idir Steòrnabhagh agus Ulapul ar tír mór (turas cairr 60 míle/90 bomaite siar ó thuaidh d’Inbhear Nis) féach.
Más mian leat Slí Cholmcille a leanúint ón deisceart go dtí an tuaisceart, glac an bád fartha go Bagh a’ Chaistil ar Eilean Bharraidh as an Òban nó go Loch Baghasdail ar Uibhist a Deas. Tá báid fartha ann as Uig ar an Oileán Sgitheanach go Loch na Madadh in Uibhist a Tuath nó Tairbeart anns Na Hearadh.
Nó, is féidir eitilt isteach go Steòrnabhagh, Beinn na Faoghla nó aerfort cáiliúil thrá Bharraigh agus carr a fháil ar cíos.
