Doire
Téann fréamhacha chathair Dhoire siar chuig mainistir a bunaíodh sa 6ú haois a shuigh ar an chnoc atá anois istigh i gcroí na cathrach múrtha. Nuair a tháinig daoine a chónaí anseo an chéad lá riamh, b’oileán faoi choillte é an cnoc agus uisce (nó bogach – ‘taobh an bhogaigh’) ar an dá thaobh.
Tá dlúthbhaint idir Doire agus scéal Cholmcille. B’as Doire, de réir an tseanchais, a sheol Colmcille lena mhainistir nua a bhunú ar Oileán Í sa bhliain 563 agus, sna céadta bliain ina dhiaidh sin, ba chuid thábhachtach de ‘familia’ nó de phobal mainisteacha Cholmcille í an mhainistir i nDoire, le manaigh ag taisteal ar muir idir an dá áit.
Tabhair cuairt ar Dhoire go bhfoghlaimeoidh tú faoi scéal mhainistir Cholmcille agus faoin dóigh a ndéantar saol Cholmcille a cheiliúradh sa chathair sa lá atá inniu ann.
Ba é Daire Calgaigh an chéad ainm a tugadh ar an lonnaíocht seo ar bhruach Abhainn an Fheabhail. Is é Daire/Doire an seanfhocal sa Ghaeilge ar áit a bhfuil cuid mhór crann darach - ‘oak grove’. Le linn an 12ú agus an 13ú haois Doire Cholm Cille a tugadh ar an chathair in ómós don naomh.
De réir an tseanchais, bhunaigh Colmcille an mhainistir i nDoire é féin sa bhliain 545, 17 mbliana sular imigh sé leis an mhainistir a bhunú ar Oileán Í. Deirtear gurb é seo an chéad mhainistir a bhunaigh sé agus gurb í ab ansa leis.
Ba sa 10ú haois dhéanach/11ú haois luath a scríobhadh an scéal seo den chéad uair. De réir scríobhaí a tháirg réamhrá Gaeilge don phaidir-dán Noli Pater Indulgere ba é Colmcille a bhunaigh an Dubh Regles (Mainistir Dhubh) i nDoire.
Níl aon fhianaise chomhaimseartha ann gurb é Colmcille an bhunaigh an mhainistir seo – ná gur sa bhliain 545 a bunaíodh í. Is féidir gur duine muinteartha de chuid Cholmcille darb ainm Fiachra mac Ciaráin, a fuair bás sa bhliain 620, a bunaigh an mhainistir seo am égin níos moille.
Le Dul Ann...
Tosaíonn an tslí ag Halla na Cathrach agus leanann líne bhallaí na cathrach. Tabhair d’aghaidh trasna na cearnóige agus suas an staighre agus in airde ar na ballaí. Agus tú ag siúl suas an cnoc, tá Sráid Magazine ina luí thíos fút ar thaobh na láimhe clé. Is féidir gur suíomh oilithreachta ársa é seo.
