6.6 Teampall agus Uaimh Cholm Cille, Ellary

Loch Caolisport Loch Caolisport

De réir an traidisiún, i bhfad níos déanaí maítear gur fhán Colmcille sa cheantar shuaimhneach seo ar bhruach Loch Caolisport ar feadh cúpla lá agus é ar a bhealach ó thuaidh as Éirinn sa bhliain 563.

Bhí cruinniú á lorg aige leis an rí áitiúil, Conall mac Comhghaill, a raibh a dhún aige thart ar 15 mhíle uaidh seo ag Dún Ad. De réir an tradisiúin, thoiligh Conall ar an chruinniú seo go bhféadfadh Colm Cille a mhainistir a thógáil in Oileán Í thógáil.

Níl an eaglais agus an uaimh ach cúpla méadar ón loch mara seo. Tá an eaglais ina fhothrach le féar agus fiaile gach áit. Tá an uaimh chóir a bheith ceilte ó radharc ar fad ar chúl na heaglais. Lean an cosán tríd an fhéar go cúl na heaglaise le teacht ar an uaimh.

Tá uaimh Cholmcille 5 mhéadar ar leithead agus 18 méadar ar doimhne, mór go leor le grúpa daoine a choinneáil.

Ar an taobh thoir tá seilf ann atá mar thaca d’altóir. Os cionn na haltóra tá cros snoite isteach sa bhalla. Tá báisín ubhach foirmithe sa charraig ina mbeadh uisce coiscrithe.

Is féidir teacht ar ofrálacha a d’fhág cuairteoirí ar an altóir. Tá sé seo ar cheann den bheagán suíomhanna sa cheantar a úsáideann oilithrigh ar an dóigh seo.

tuilleadh sonraí...

Tá seandálaithe i ndiaidh teacht ar earraí san uaimh seo a dhátaíonn siar go dtí an tréimhse Mhéisiliteach (10,000-4,500RC) – an Mheán-Chlochaois. Thángthas ar chónra chloiche agus ar dhá uaigh éadoimhne anseo chomh maith.

Is féidir cuid de na fríotha a fuarthas anseo a fheiceáil i Músaem Chille Mhàrtain.

Tá báisín cloiche ón uaimh anois in úsáid mar umar uisce choisricthe in Eaglais Paróiste Chnapadail Theas in Achadh an Chòis in aice láimhe.

Tá Eaglais Cholmcille ann ón 13ú haois ach bhí an suíomh seo in úsáid mar ionad adhartha ar feadh na gcéadta bliain roimhe sin.

Eagraíonn an eaglais paróiste áitiúil in Achadh a’ Chòis seirbhís bhliantúil ag an eaglais agus an uaimh.

Ellary cave © Alan Sproull
 

Le Dul Ann

Ag tú ag dul ó dheas ó Cheann Loch Gilb ar an A83, tiontaítear ar dheis chuig an B8024 i dtreo Achadh a’ Chòis. Gabh tríd an sráidbhaile, thart leis an teampall agus tabhair d’aghaidh go Ellery. Tá comhartha ann don teampall agus don uaimh ar thaobh na láimhe deise den bhóthar.

Díreach i ndiaidh dul thart leis an teampall agus an uaimh, téann an bóthar isteach i dtalamh príobháideach. Más mian leat cuairt a thabhairt ar Eaglais Chille Mhoire An Cnap, beidh ort dul siar an bealach a tháinig tú ar ais suas chuig an B8024 agus teacht isteach chuige ó Achadh a’ Chòis ar bhóthar B841 go Crìonan.

Is minic a bhíonn an talamh gar don eaglais agus don uaimh fliuch. Dá bhrí sin moltar coisbheart uiscedhíonach a chaitheamh.


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.1 Dún Ad

    Sa 6ú haois ba é Dún Ad ionad cumhachta agus príomhdhún na gceannairí áitiúla – ríthe Dhál Riada. Tá an lomán creagach seo suite go hard ar Mhòine Mhor (An Caorán Mór) agus tá abhainn Ad ag sníomh a bhun.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.2 Músaem Theach Chille Mhàrtain

    Tá Músaem Theach Chille Mhàrtain lonnaithe in iarmhansa an pharóiste i lár shráidbhaile Chille Mhàrtain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.3 Reilig Chille Mhàrtain

    Tá níos mó ná 350 séadchomhartha ársa le fáil i nGleann Chille Mhàrtain. Tá na suíomhanna seo- ina bhfuil 150 séadchomhartha réamhstairiúil –suite laistigh de raon sé mhíle faoi shráidbhaile Chille Mhàrtain.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.4 Séipéal agus Reilig na Cille

    Tá Séipéal na Cille suite ar leithinis a théann síos taobh thiar de Loch Suain. Téann sé siar go dtí an 13ú haois, ach creidtear gur thosaigh daoine a adhradh ann san 8ú haois.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.5 Séipéal Chille Mhoire

    Tá séipéal Naomh Muire ag Cille Mhoire suite ar an taobh thoir de Loch Suain. Tá radharc glan le fáil uaidh go Ìle agus Diùra.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.6 Teampall agus Uaimh Cholm Cille, Ellary

    De réir an traidisiún, i bhfad níos déanaí maítear gur fhan Colm Cille sa cheantar shuaimhneach seo ar bhruach Loch Caolisport ar feadh cúpla lá agus é ar a bhealach ó thuaidh as Éirinn sa bhliain 563.

  • Southend. Argyll, Scotland.
     

    6.7 Ceann a Deas

    Tá scéalta ann ina maítear gurb é Ceann Mu Dheas Chinn Tíre an chéad áit ar tháinig Colm Cille i dtír in Albain. D’fhág sé Doire ar chósta thuaidh na hÉireann sa bhliain 563 le 12 chomrádaí agus deirtear gur tháinig sé i dtír anseo.