6.4 Séipéal agus Reilig Keills

Keills Chapel and replica cross © Ben Colburn

Tá Séipéal na Cille suite ar leithinis a théann síos taobh thiar de Loch Suain. Téann sé siar go dtí an 13ú haois, ach creidtear gur thosaigh daoine a adhradh ann san 8ú haois.

Dála Shéipéal Chille Mhoire An Cnap trasna Loch Suain, níl aon bhaint dhíreach aige le scéal Cholmcille. Os a choinne sin, léiríonn sé go raibh Críostaithe ina gcónaí anseo sna céadta bliain i ndiaidh a bháis.

Tá cnuasach mór ag an séipéal seo de chlocha de chuid na meánaoise luaithe agus déanaí. Is é Cros na Cille an ceann is suntasaí, atá 2 mhéadar ar airde.

Tá amharc as cuimse álainn le feiceáil den fharraige, den loch agus d’Íle agus Diùra ón séipéal.

Tá cruth simplí dronuilleogach air, rud a fhágann go bhfuil sé an-chosúil leis na séipéil a tógadh in Iarthar na Gàidhealtachd. Bhíodh na ballaí, lasmuigh agus laistigh, cumhdaithe le rindreáil agus maisiú éigin péinteáilte, b’fhéidir.

Téann Cros na Cille siar go deireadh an 8ú nó go tús an 9ú haois, rud a léiríonn go raibh lucht adhartha na Críostaíochta ann ar an suíomh seo.

Níl an chros snoite acu ar thaobh amháin. Tá ceithre leon thart timpeall ar mhol ciorclach láir. Tá Naomh Micheál ar a bharr agus tá naomh ina shuí thíos faoi, ag barr an tseafta. Tá painéil chrosfhite mhaisiúcháin agus scrolla duilleoige thíos faoi.

Keills Cross, original. © Ben Colburn

Bhí Cros na Cille suite, an chéad lá riamh, ar mhala in aice leis an séipéal. Marcálann an mhacasamhail seo go bhfuil an chros suite ar an taobh thiar thuaidh den séipéal.

Tá leaca uaighe agus crosa ar taispeáint laistigh den séipéal. Tá roinnt mhaith acu snoite le patrúin mhaisiúla, le claimhte agus le siombailí a bhfuil baint acu leis na daoine a comóradh san obair chloiche.

 

Le Dul Ann

Ag dul ó dheas duit ó Chille Mhàrtain ar an A816, cas ar dheis go dtí an B841 ag a’ Chàrn Bhàn. Cas ar chlé ag Beulanach go dtí an B8025 agus téigh ó dheas i dtreo Taigh a’ Bhealaich. Téigh trí Thaigh a’ Bhealaich agus lean ort go deireadh an bhóthair.

Páirceáil ag an gheata trasna an bhóthair agus siúil an t-achar gearr chuig an séipéal ar an mhala atá amach romhat.

more on…


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.1 Dún Ad

    Sa 6ú haois ba é Dún Ad ionad cumhachta agus príomhdhún na gceannairí áitiúla – ríthe Dhál Riada. Tá an lomán creagach seo suite go hard ar Mhòine Mhor (An Caorán Mór) agus tá abhainn Ad ag sníomh a bhun.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.2 Músaem Theach Chille Mhàrtain

    Tá Músaem Theach Chille Mhàrtain lonnaithe in iarmhansa an pharóiste i lár shráidbhaile Chille Mhàrtain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.3 Reilig Chille Mhàrtain

    Tá níos mó ná 350 séadchomhartha ársa le fáil i nGleann Chille Mhàrtain. Tá na suíomhanna seo- ina bhfuil 150 séadchomhartha réamhstairiúil –suite laistigh de raon sé mhíle faoi shráidbhaile Chille Mhàrtain.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.4 Séipéal agus Reilig na Cille

    Tá Séipéal na Cille suite ar leithinis a théann síos taobh thiar de Loch Suain. Téann sé siar go dtí an 13ú haois, ach creidtear gur thosaigh daoine a adhradh ann san 8ú haois.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.5 Séipéal Chille Mhoire

    Tá séipéal Naomh Muire ag Cille Mhoire suite ar an taobh thoir de Loch Suain. Tá radharc glan le fáil uaidh go Ìle agus Diùra.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.6 Teampall agus Uaimh Cholm Cille, Ellary

    De réir an traidisiún, i bhfad níos déanaí maítear gur fhan Colm Cille sa cheantar shuaimhneach seo ar bhruach Loch Caolisport ar feadh cúpla lá agus é ar a bhealach ó thuaidh as Éirinn sa bhliain 563.

  • Southend. Argyll, Scotland.
     

    6.7 Ceann a Deas

    Tá scéalta ann ina maítear gurb é Ceann Mu Dheas Chinn Tíre an chéad áit ar tháinig Colm Cille i dtír in Albain. D’fhág sé Doire ar chósta thuaidh na hÉireann sa bhliain 563 le 12 chomrádaí agus deirtear gur tháinig sé i dtír anseo.