6.2 Taigh Tasgaidh Chille Mhàrtain

Kilmartin Glen © David Neumeyer

Tá Músaem Theach Chille Mhàrtain lonnaithe in iarmhansa [an pharóiste i lár shráidbhaile Chille Mhàrtain.

Tá cnuasach as cuimse saibhir de 350 séadchomhartha ársa i nGleann Chille Mhàrtain. Tá siad uile le fáil faoi shé mhíle den mhúsaem. Tá stair láidir luath-Chríostaíochta ag an cheantar agus tá an-bhaint aige le scéal Cholmcille.

Scrúdaíonn an músaem seandálaíocht, tírdhreach agus stair an ghleanna. Is féidir déantáin a tochlaíodh gar do Dhún Ad, príomhdhún rí Dhál Riada a fheiceáil. Deirtear gur thug Colmcille cuairt ar an rí nuair a bhain sé Albain amach de chéaduair sa bhliain 563.

Tá déantáin a fuarthas i gCille Mhàrtain agus sa cheantar máguaird ar taispeáint anseo sa mhúsaem. Tá cnuasaigh eile as Cille Mhàrtain ar coinneáil ag Músaem na hAlban i nDún Éideann, Músaem Ghlaschú agus Músaem na Breataine i Londain.

Graveslabs, Kilmartin Museum. © Alan Sproull

Tá sonraí an mhúsaeim agus eolas faoi uaireanta oscailte an chaifé le fáil ar shuíomh idirlín Mhúsaem Theach Chille Mhàrtain.

De ghnáth, bíonn an músaem oscailte go luath i mí Mhárta go dtí deireadh mhí na Nollag, ach ba chóir an suíomh idirlín a chuardach don eolas is déanaí.

Thacaigh Músaem Chille Mhàrtain le Tionscadal Dhál Riada. Tá dhá fhíschonair ann a scrúdaíonn stair an cheantair áitiúil.

 

Le Dul Ann

Ó Dhún Ad, tabhair d’aghaidh ó dheas ar an A816. Cas ar chlé i dtreo Chille Mhàrtain agus lean na comharthaí go carrchlós an mhúsaeim. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar an mhúsaem agus ar an reilig araon as seo.


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.1 Dún Ad

    Sa 6ú haois ba é Dún Ad ionad cumhachta agus príomhdhún na gceannairí áitiúla – ríthe Dhál Riada. Tá an lomán creagach seo suite go hard ar Mhòine Mhor (An Caorán Mór) agus tá abhainn Ad ag sníomh a bhun.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.2 Músaem Theach Chille Mhàrtain

    Tá Músaem Theach Chille Mhàrtain lonnaithe in iarmhansa an pharóiste i lár shráidbhaile Chille Mhàrtain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.3 Reilig Chille Mhàrtain

    Tá níos mó ná 350 séadchomhartha ársa le fáil i nGleann Chille Mhàrtain. Tá na suíomhanna seo- ina bhfuil 150 séadchomhartha réamhstairiúil –suite laistigh de raon sé mhíle faoi shráidbhaile Chille Mhàrtain.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.4 Séipéal agus Reilig na Cille

    Tá Séipéal na Cille suite ar leithinis a théann síos taobh thiar de Loch Suain. Téann sé siar go dtí an 13ú haois, ach creidtear gur thosaigh daoine a adhradh ann san 8ú haois.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.5 Séipéal Chille Mhoire

    Tá séipéal Naomh Muire ag Cille Mhoire suite ar an taobh thoir de Loch Suain. Tá radharc glan le fáil uaidh go Ìle agus Diùra.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.6 Teampall agus Uaimh Cholm Cille, Ellary

    De réir an traidisiún, i bhfad níos déanaí maítear gur fhan Colm Cille sa cheantar shuaimhneach seo ar bhruach Loch Caolisport ar feadh cúpla lá agus é ar a bhealach ó thuaidh as Éirinn sa bhliain 563.

  • Southend. Argyll, Scotland.
     

    6.7 Ceann a Deas

    Tá scéalta ann ina maítear gurb é Ceann Mu Dheas Chinn Tíre an chéad áit ar tháinig Colm Cille i dtír in Albain. D’fhág sé Doire ar chósta thuaidh na hÉireann sa bhliain 563 le 12 chomrádaí agus deirtear gur tháinig sé i dtír anseo.