6.1 Dún Ad

Dunadd from the air. © RCAHMS

Sa 6ú haois ba é Dún Ad ionad cumhachta agus príomhdhún na gceannairí áitiúla – ríthe Dhál Riada.

Tá an lomán creagach seo suite go hard ar Mhòine Mhor (An Caorán Mór) agus tá abhainn Ad ag sníomh a bhun.

Nuair a bhain Colmcille Earra-Ghàidheal amach de chéaduair thug sé cuairt ar rí Dhál Riada. Thiocfadh dó gur bhuail an bheirt fhear lena chéile ag Dún Ad.

Tabhair cuairt ar an lomán creagach seo mar a raibh a príomhdhún ag muintir Dhál Riada. Aimsigh lorg a gcos a greanadh i gcloch. De réir cosúlachta, bhí lorg na gcos anseo agus in áiteanna eile á n-úsáid mar chuid de dheasghnáth ríoga é chun ríthe nua a insealbhú ina ríocht.

Dunadd from Mòine Mhòr. © Alan Sproull

Tamall gearr i ndiaidh dó Earra-Ghàidheal a bhaint amach is cosúil gur thug Colmcille cuairt ar Chonall, rí agus tiarna ar Dhál Riada, ag a phríomháit lonnaithe.

Is dócha gurb é Dún Ad príomhdhún agus ionad cumhachta Chonaill agus chomh dócha lena athrach, tháinig Colmcille anseo dá bharr sin.

Bhí tailte ag Dál Riada in oirthuaisceart Éireann agus Earra-Ghàidheal an lae inniu.

Thiocfadh dó gur thug Conall cead do Cholmcille mainistir a thógáil ar Oileán Í agus gur thug comharbaí Chonaill cead dó an gréasán aige a leathnú go hoileáin eile in Inse Gall.

Tógadh an dún ollmhór ag Dún Ad ar lomán creagach a bhí 60 méadar ní b’airde ná an talamh a bhí mórthimpeall air.

Ón chnoc tig leat an calafort i gCrìonan a fheiceáil, atá amach is isteach ar 3 mhíle ar shiúl agus is féidir oileán Diùra agus Sgarba a fheiceáil trasna na farraige. Is léir cad chuige ar úsáideadh agus ar tógadh an dún straitéiseach seo thar na céadta bliain.

Tógadh an dún thar roinnt mhaith glún - ó dhún beag sa 4ú nó 5ú haois a bhí á fhorbairt go fóill sa 8ú nó sa 9ú haois. Tráth dá raibh, bhí na ballaí anseo 10 méadar ar tiús.

Téigh suas an cnoc go dtí go dtagann tú ar dhá lorg coise atá greanta i gcloch gar don mhullach. Ba chuid den deasghnáth iad na lorga coise seo ag searmanais corónaithe ríthe Dhál Riada.

Tá féachaint thuaidh ag lorg coise atá greanta i gcloch. Níl an dara lorg coise easnamhach. Dá gcuirfeadh rí a chos i lorg coise dá leithéid, ba chomhartha é gur cheangail sé é féin den talamh. Ag an am sin, ceapadh go raibh aontas siombalach idir an rí agus an bandia a bhí ina hionadaí don talamh agus dá thorthúlacht. Nuair a chuireadh sé a chos sa chloch seo, bheadh a aghaidh leis an talamh a mhaígh sé a raibh sé i gceannas air.

Tá íomhá smolchaite de thorc snoite gar dó seo a bhfuil inscríbhinn in ogham – aibitír de chuid na luath-mheánaoise - scríofa uirthi. Is scríoba uilleacha sa charraig iad na litreacha. Ní léir cad é is ciall do na snoiteáin ach léiríonn siad gurbh áit speisialta é an dún a raibh nasc aige le daoine cumhachtacha.

Tá an chloch bhunaidh ina luí faoi chloch mhacasamhla chomhábhair, lena chinntiú go mbeidh na snoiteáin bhunaidh slán.

Dunadd, the footprint and River Add © BMPix

Chomh dócha lena athrach, úsáideadh an báisín seo atá greanta sa charraig le haghaidh uisce a chumhdach le linn na searmanas corónaithe.

Rinne muintir Dhál Riada seodra agus snoiteáin chloiche ghalánta. Léirigh tochailtí seandálaíochta ar an suíomh seo go raibh muintir Dhál Riada i mbun trádála le daoine arbh as mór-roinn na hEorpa iad. Tháinig seandálaithe ar chnuasach saibhir potaireachta a iompórtáladh ón mhór-roinn. Tá an photaireacht ar an chnuasach is mó ar thángthas riamh air in aon tír Cheilteach ar chósta thiar na hEorpa.

Chomh maith leis seo, rinne muintir Dhál Riada a gcuid seodra féin, amhail bróistí agus pionnaí. De bharr tochailtí, thángthas ar na múnlaí a ndearnadh na rudaí luachmhara seo iontu.

Nithe ar bith a fuarthas anseo ag Dún Ad is amhlaidh a choinnítear iad i músaem Chille Mhàrtain anois agus ag Músaem Náisiúnta na hAlban i nDún Éideann.

Is dócha gurb ann don Chríostaíocht in Earra-Ghàidheal nuair a tháinig Colmcille sa bhliain 563. Is ón 6ú haois a tháinig na séadchomharthaí Críostaíochta is luaithe atá le fáil anseo.

Tá cuid mhór cloch snoite de chuid na luath-Chríostaíochta agus suíomhanna a bhfuil ceangal acu leis an adhradh le fáil sa cheantar seo.

Is féidir teacht orthu seo in eaglais pharóiste Chille Mhàrtain, eaglais pharóiste Chille Mhìcheil eaglais Chille Mhoire agus eaglais na Cille.

 

Le Dul Ann

Ag tiomáint ó thuaidh as Ceann Loch Gilb ar an A816 duit, tá comhartha ann chun casadh ar chlé chuig Dún Ad. Tá carrchlós ag bun an chnoic.

Lean an cosán go mullach an chnoic. Is féidir teacht ar na lorga coise beagán roimh an mhullach.

Tabhair aire duit féin ar an chnoc nó tá an talamh corrach agus bíonn na clocha sleamhain.


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.1 Dún Ad

    Sa 6ú haois ba é Dún Ad ionad cumhachta agus príomhdhún na gceannairí áitiúla – ríthe Dhál Riada. Tá an lomán creagach seo suite go hard ar Mhòine Mhor (An Caorán Mór) agus tá abhainn Ad ag sníomh a bhun.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.2 Músaem Theach Chille Mhàrtain

    Tá Músaem Theach Chille Mhàrtain lonnaithe in iarmhansa an pharóiste i lár shráidbhaile Chille Mhàrtain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    6.3 Reilig Chille Mhàrtain

    Tá níos mó ná 350 séadchomhartha ársa le fáil i nGleann Chille Mhàrtain. Tá na suíomhanna seo- ina bhfuil 150 séadchomhartha réamhstairiúil –suite laistigh de raon sé mhíle faoi shráidbhaile Chille Mhàrtain.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.4 Séipéal agus Reilig na Cille

    Tá Séipéal na Cille suite ar leithinis a théann síos taobh thiar de Loch Suain. Téann sé siar go dtí an 13ú haois, ach creidtear gur thosaigh daoine a adhradh ann san 8ú haois.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.5 Séipéal Chille Mhoire

    Tá séipéal Naomh Muire ag Cille Mhoire suite ar an taobh thoir de Loch Suain. Tá radharc glan le fáil uaidh go Ìle agus Diùra.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    6.6 Teampall agus Uaimh Cholm Cille, Ellary

    De réir an traidisiún, i bhfad níos déanaí maítear gur fhan Colm Cille sa cheantar shuaimhneach seo ar bhruach Loch Caolisport ar feadh cúpla lá agus é ar a bhealach ó thuaidh as Éirinn sa bhliain 563.

  • Southend. Argyll, Scotland.
     

    6.7 Ceann a Deas

    Tá scéalta ann ina maítear gurb é Ceann Mu Dheas Chinn Tíre an chéad áit ar tháinig Colm Cille i dtír in Albain. D’fhág sé Doire ar chósta thuaidh na hÉireann sa bhliain 563 le 12 chomrádaí agus deirtear gur tháinig sé i dtír anseo.