Earra-Ghàidheal
Is limistéar de choillearnach ársa, lochanna fada mara agus radhaircanna oileáin é cósta thiar Earra-Ghàidheal. Anseo, is féidir teacht ar scéal na chéad seachtainí a chaith Colmcille in Albain agus áit á lorg aige lena mhainistir a bhunú.
Lean scéal thuras báid Cholmcille as Éirinn go Dún Ad, daingean an cheannasaí áitiúil, Conall mac Comhghaill.
Scríobhadh Annálacha Uladh sa 7ú haois agus cuireann siad in iúl gur thug Conall Oileán Í do Cholmcille. Deirtear gur thug Colmcille cuairt ar Chonall sular thug sé a aghaidh ar Oileán Í lena mhainistir a bhunú.
Insíodh na céad scéalta faoi thuras Cholmcille trí Earra Gháidheal i bhfad i ndiaidh bhás an naoimh. Is cosúil gur inis daoine na scéalta seo le nasc a dhéanamh idir a ndúiche féin agus beatha agus naofacht Cholmcille.
D’fhág Colmcille Doire i Meitheamh 563 agus thug a aghaidh thar an fharraige anonn go Earra-Ghàidheal . Tamall gairid i ndiaidh dó teacht i dtír, is cosúil gur thug sé cuairt ar Chonall rí Earra-Ghàidheal, ag a dhaingean I nDún Ad , de réir cosúlachta. Toisc gur bhuail Colmcille le Conall léiríonn sin gur fear a bhí ann a raibh tionchar agus tábhacht pholaitiúil ag baint leis nuair a tháinig sé go hAlbain.
Ba chainteoirí Gaeilge de chuid Dhál Riada iad muintir Chonaill a raibh cuid de thuaisceart na hÉireann agus d’iarthar na hAlban mar ríocht acu.
Bhí Conall i gceannas ar Chineál Gabhráin, an taobh theas d’Earra-Ghàidheal an lae inniu, ach bhí Oileán Í ar an taobh thuaidh. Is cosúil gur thug Conall tailte do Cholmcille nach raibh ag teacht faoina réimeas díreach. Is féidir gur éirigh le Conall smacht sealadach a fháil ar na limistéir seo – agus gur bealach lena údarás a dhaingniú ansin é Oileán Í a thabhairt do Cholmcille.
Sna blianta ina dhiaidh sin, leath gréasán mhainistreacha Cholmcille ar fud Inse Ghall agus ar an mhórthír trí na ceantair Ghaelacha agus Chruithneacha san áit ar a dtugtar Albain inniu.
Lean Colmcille de bheith ag fáil talún agus tacaíochta eile dá theampaill agus dá mhainistreacha ó ríthe Dhál Riada. Murach an tacaíocht seo, ní fhéadfadh Colmcille gréasán ollmhór mainistreacha a bheith aige.
Trasna na farraige
Ag croí an scéil seo tá dlúthnaisc idir Éirinn agus Albain – níl ach 13 mhíle idir an dá oileán ag an phointe is cóngaraí eatarthu.
Má sheasann tú ar chósta thiar na hAlban, is féidir Éire a fheiceáil go soiléir. Tugann sé chun cuimhne an dearcadh eile ar fad a bhíodh ag daoine ar an domhan tráth ab fhusa taisteal de bhád ná de thalamh.
In aimsir Cholmcille ba iad an dream cheannasach Ghaelach chéanna – Dál Riada – a bhí i gceannas in oirthuaisceart na hÉireann agus in Earra-Ghàidheal in iarthar na hAlban. Toisc gur turas gairid farraige a bhí ann d’fhág sin go raibh an dá ghrúpa de Dhál Riada i dteagmháil lena chéile go rialta de mhuir.
Praiticiúlachtaí
Fág 1-2 lá leis na stadanna Slí uile in Earra-Ghàidheal a chlúdach.
Tosaíonn an tslí i nDún Ad agus téann siar ó dheas feadh bhóithre Chnapadail. Tá an stad deiridh ag Ceann mu Dheas ag rinn dheisceartach Cheann. Nó, is féidir leat tosú ag a’ Cheann mu Dheas agus d’aghaidh a thabhairt ó thuaidh.
Ar shiúl ó na príomhbhóithre, tá cuid mhaith de na bóithre cúng le cuasanna scoite. Dá bhrí sin, fág go leor ama don turas agat.
Fágann na bóithre fadálacha go mbíonn deis agat an ceantar a fhiosrú agus sult a bhaint as suaimhneas na lochanna agus na gcoillearnach.